skip to main content

Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Bunchlocha an Chultúir

Dá mbeadh na BAÉs ar oileán gan aon chomhluadar, cad a bheadh leo ó thaobh leabhar, scannán agus ceol de?

Labhair Sinéad, Siún agus Áine an t-ábhar seo, ó shraitheanna teilifíse go podchraoltaí agus gach saghas píosa cultúir eile a chothódh iad, dá mbeadh siad gann ar chomhluadar.

Físeán treochta a d'aimsigh Áine ar líne a chur tús leis an gcomhrá seo, a chur na mná ag smaoineamh faoin saghas ábhar a chuirfeadh iad ag smaoineamh, ag gáire, nó ag úsáid a n-intinn.

I measc na nithe a roghnaíodh siad, bhí na scannáin Mrs Doubtfire, Atonement agus The Bourne Identity agus leabhair le húdair Éireannacha ar nós Mc Gahern agus Claire Keegan chomh maith le halbam de chuid Lana del Ray. Labhair siad freisin faoi leabhair chritice a thabharfadh spléachadh nó athfhéachaint dóibh ar leabhair nó ar shaothar a thaitin go mór leo.

Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean ar an Satharn ar a 8 ar RTÉ Radio One nó aon am pé áit a fhaigheann sibh bhur gcuid podchraoltaí.