skip to main content

Coimhlint den scoth ag Cluichí Leathcheannais na hÉireann

Labhair an tráchtaire spóirt, Macdara Mac Donncha faoi chluichí an deireadh seachtaine, idir Co. An Chláir agus Cill Chainnigh agus Luimneach agus An Ghaillimh ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair Macdara faoin gcoimhlint iontach agus an t-iontas a bhí le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh idir Luimneach agus Gaillimh ar an Satharn agus An Clár agus Cill Chainnigh ar an Domhnach.

Dhá chluiche den scoth, le radharcanna míorúilteacha ina measc sin, an sabháil a rinne Cill Chainnigh le linn an chluiche Dé Domhnaigh. Cé gur imir an Clár go maith, léirigh na Cait an teacht aniar atá iontu i dtreo dheireadh an chluiche.

Bíonn pointí cinniúnacha sna cluichí móra seo agus nuair a fuair Eoin Cody an pointe i dtreo dheireadh an chluiche, bhí misneach an Chláir ag ídiú. Cé go bhfuil cuid de na himreoirí sinsearacha anois in am éirí as deir Macdara cé bhfuil an luas ag imeacht ó leithéidí TJ Reid, tá léamh an chluiche fós ina ghlac aige.