skip to main content

'Táimid ag seasamh suas do na héinne' Cothromaíocht sa spórt

Labhair Louise Ní Mhuircheartaigh, imireoir de chuid Chiarraí ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar chothromaíocht inscne sa spórt.

Labhair Louise amach roimhe seo faoin easpa cothromaíochta a bhí le haithint aici agus ag mná eile a d'imir spórt in Éirinn, ó easpa áiseanna go ganntanas deiseanna. Ó shin i leith, deir Ní Mhuircheartaigh go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí agus go bhfuil an t-ádh orthu i gCiarraí ach go bhféadfadh níos mó a dhéanamh fós. Ní hamhlaidh an scéal do mhná in gcondaetha eile sa tír, a deir sí.

Tá na fir sa spórt anois ag teacht amach agus ag léiriú a míshástacht maidir leis an easpa cothromaíochta seo agus ag tacú le cás na mban, rud áit fíorthábhachtach do na mná, a deir Louise. Mar go dtuigeann na himreoirí nach bhfuil cothrom na féinne ag imreoirí fud fad na tíre, ag brath ar pé áit sa tír ina bhfuil siad, deir Louise go bhfuil siad 'ag seasamh suas do na héinne'. 'Tá na mná ar fad ag seasamh le chéile agus anois tá na fir ag seasamh inár dteannta.'

Cé go bhfuil obair agus dua ag baint leis an gníomhachas a bhaineann le aird a tharraingt ar an easpa cothromaíochta, tá Louise den tuairim gur fiú é le go mbeidh saol níos fusa ag mná óga ar mhaith leo spórt a imirt sa tír seo.

Clann agus Ciarraí is gaire do chroí Louise, is léir.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00