skip to main content

An féidir dul go Leathinis Bhéara ó Bhaile Átha Cliath gan charr?

Bhí Anna Heussaff linn ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun labhairt faoin Bealach Glas tógra atá sí ag tabhairt faoi ag taisteal mórthimpeall Éireann an tSamhraidh seo ag úsáid iompar poiblí.

Labhair Anna ar an turais atá déanta aici go dtí seo ó Bhaile Átha Cliath go Ceatharlach agus Loch Garman ar bhusanna agus traenacha. An tseachtain seo, tá an t-údar ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh, turas nach mór 400km, go Leathinis Bhéara, áit a bhfuil cúpla úrscéal dá cuid lonnaithe.

Ag caint ar an bhfadhb atá againn maidir le hathrú aeráide in Éirinn, deir Anna go bhfuil sí ar an eolas nach mbeidh daoine ag éirí as tiomáint carranna ach go bhfuil sí fiosrach faoi an bhféadfadh muid an líon carranna atá ar an mbóthar a laghdú an oiread agus is féidir.

Tá Anna ag baint úsáide as aip nua TFI Live a thugann eolas duit ar chóras iompair poiblí, rud a laghdaíonn an saothar go mór ar an údar. Deir Anna raibh go leor leor ama á chur amú aici ag iarraidh an iompar poiblí a oibriú amach sular bhfuair sí an aip seo.

Beidh comparáid a dhéanamh ag an údar idir na praghasanna a chosnaíonn ticéid taistil i gcomparáid le peitril a chur ina carr féin agus faoi láthair na pragas beagán níos airde ar phraghas na dticéad.