skip to main content

Ról agus tost na mBan i gCogadh na gCarad

Labhair Dr Síobhra Aiken ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina leabhar nua Spiritual Wounds a fhiosraíonn cás na mban i gCogadh na gCarad.

Deir an Dr. Aiken go raibh sí i mbun taighde ar an gcogadh nuair a d'aithin sí go raibh go leor eolais faoi mhná ina teaghlach féin trí thimpiste agus í mbun tochailte. Cé go raibh na mná seo páirteach sa réabhlóid, deir Aiken nár cuireadh an t-eolas sin ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Síleann Dr. Aiken go mbaineann an tost seo le 'náire éigin' a bhí ar na mná nó orthu siúd a bhí timpeall orthu cé go raibh ról lárnach acu i stair na hÉireann.

Deir Síobhra go raibh sé an-deacair ar na mná na linne sin foilsitheoirí a fháil a thógfadh go dáiríre iad agus a d'íocfadh airgead dóibh as a gcuntas ar an gcogadh, rud a bhí coitianta i measc na bhfear. Cuireadh i leith na mban go raibh 'na nerves' nó sláinte intinne ag cur isteach orthu go minic agus nach bhféadfaí brath orthu.

Bhí an cultúr seo forleathan in Éirinn ní hamháin le linn tréimhse an chogaidh ach tríd an sochaí ar fad. Cuireadh roinnt mhaith de na mná seo go príosún agus ansin ar imirce ina dhiaidh sin, seanaintín Shíobhra féin ina measc. Cé gur chuala Síobhra go leor faoi ghaolta fear a raibh baint acu leis an réabhlóid, ní chuala sí faic faoina seanaintín Nelly.

Labhair Dr Aiken faoin imirce tíreolaíoch agus imirce spioradálta a tharla in Éirinn tar éis an chogaidh, daoine ar nós Mháirtín Uí Dhíreáin.