skip to main content

Pobal á chothú: Scéal na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste

Labhair Linda Ervine, Stephen Carson, Aodán Mac Séafraidh, Muintir Oirthear Bhéal Feirste ar an gclár An Saol Ó Dheas faoina n-aistear leis an nGaeilge agus iad ar a gcamchuairt bhliantúil ar Chorca Dhuibhne.

Tá obair mhór déanta ag Linda Ervine le fada le meon a athrú i dtreo na Gaeilge i measc dhaoine nach samhlaítear an Ghaeilge leo in Oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe. Tá torthaí na hoibre le sonrú anois agus Cairde Turas ag tabhairt daoine le chéile leis an nGaeilge a fhoghlaim. Bhí suas le 80 duine i rang na mbunfhoghlaimeoirí i mbliana, líon nach beag.

Níos tábhachtaí fós, deir múinteoir an ranga go bhfuil pobal anois ag teacht le chéile lasmuigh den seomra ranga ag labhairt Gaeilge le chéile, in áiteanna nach samhlófaí an Ghaeilge go hiondúil.

Tá an naíscoil a bunaíodh cúpla bliain siar ag fás, cé go raibh sé dúshlánach tús a chur leis an naíscoil.

Naíscoil na Seolta in Oirthear Bhéal Feirste

Le linn na bliana seo, tá leabhar curtha i dtoll a chéile ag an ngrúpa ina bhfuil scéalta i mBéarla agus i nGaeilge as Béal Feirste, scríofa ag daoine áitiúla. Turas Soir ainm an leabhair ina bhfuil logainmneacha agus béaloideas na cathrach freisin.

Deir Stephen Carson go bhfuil an leabhar seo tábhachtach d'fhoghlaimeoirí na teanga ach go bhfuil sé luachmhar freisin mar go dtugann sé 'blaiseadh beag de shaibhreas Bhéal Feirste', rud nach bhfuil le feiceáil go minic.

Ag déanamh cur síos ar Oirthear Bhéal Feirste, cé go samhlaítear an Protastúnachas amháin leis, deir Carson gur fiú dul siar níos faide sa stair agus eolas a fháil ar an gcúlra eile a bhaineann leis. Is ann a bhí an Taoiseach Gaelach, Conn Ó Néill.

Tá Oirthear Bhéal Feirste ag athrú, a deir an grúpa, tá saol oíche ann anois, rud nach raibh ann roimhe seo, a deir siad.