skip to main content

Skipper's Alley Beo ón gCuan ar RTÉ RnaG

An tseachtain seo, beidh ceolchoirm leis an ngrúpa Skipper's Alley a taifeadadh níos luaithe i mbliana i Stiúideo Cuan sa Spidéal le cloisteáil againn.

Cúigear atá sa ghrúpa seo atá lonnaithe go príomha i mBaile Átha Cliath agus cuireann siad i láthair a gcuid leaganacha féin de cheol agus amhráin thraidisiúnta ar phíobaí, cruit, fidil, feadóga, bodhrán, bainseó agus a thuilleadh nach iad, agus tionchar nach beag ag grúpaí ar nós Planxty, The Bothy Band agus The Chieftains ar a gcuid ceoil.

Is iad Eoghan Ó Ceannabháin, Fionnán Mac Gabhann, Ultan O’Brien, John Francis Flynn agus Paddy Cummins baill an ghrúpa. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán.

This week, we’ll hear a concert with the Dublin-based group Skipper’s Alley, recorded live in Stiúideo Cuan in An Spidéal earlier this year. The five-piece group arrange and interpret traditional Irish folk music on uilleann pipes, harp, fiddle, whistles, bodhrán, banjo and more, taking influence from such early bands as Planxty, The Bothy Band and The Chieftains. Band members are Eoghan Ó Ceannabháin, Fionnán Mac Gabhann, Ultan O’Brien, John Francis Flynn agus Paddy Cummins. A Stiúideo Cuan production, in association with RTÉ Raidió na Gaeltachta and Coimisiún na Meán.

Déardaoin ag a 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta