skip to main content

Éist le Ballaí Cloch le Art Ó Súilleabháin

Sraith liteartha is ea Aistí ón Aer a thugann deis agus ardán do scríbhneoirí na Gaeilge peann a chur le pár ar ábhar a gcuireann siad spéis ann.

Scríobhann Art Ó Súilleabháin faoi bhalla cloch in Éirinn agus níos faide i gcéin, an stair agus na scéalta a bhaineann leo. Baineann clocha le tithíocht, le tinte agus le go leor eile a bhaineann le sibhialtacht an domhain mhóir. Ó na hIncas chuig na Gaeil, go mór mór na daoine ar an gcósta thiar, tógadh an tír seo le clocha.

Seán Ó Coistealbha, saineolaí na gcloch

Tá cáil ar chlocha na hÉireann as an ról a bhí acu le linn an Ghorta Mhóir agus roimhe sin le Brú na Bóinne agus na daoine a mhair le linn na tréimhse seo.

Éist le Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt idir 2 agus 3.