Labhair an feirmeoir John Joe Mac Gearailt, Cathaoirleach Chumann Feirmeoirí Natura agus Cnoc ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcuairt a thug an Feisire Eorpach Fhianna Fáil do Chúige Mumhan Billy Kelleher ar Chorca Dhuibhne.
Dúirt John Joe go ndeachaigh siad tríd cáipéisí a d'fhéadfadh a theacht isteach mar dhlithe in Éirinn ón Aontas Eorpach agus má thagann, tá John Joe den tuairim go ndéanfaidh sé cúrsaí níos deacra fós dóibh siúd atá ag iarraidh cur futhú sa Ghaeltacht. Tá neart fadhbanna ag muintir na háite cead pleanála a fháil faoi láthair ach d'fhéadfadh an reachtaíocht seo deireadh a chur le haon tithe eile a bheith tógtha.

Phléigh siad deontaisí ag thagann ag deireadh na bliana go hiondúil ach a mbeidh moill orthu i mbliana, d'fhéadfadh na feirmeoirí seo dul i ngleic leis an deontas a theacht mí déanach ach má bhíonn a thuilleadh moille ann, tá gach seans go mbeidh feirmeoirí beaga i dtrioblóid.
Ag caint ar na hathruithe atá ag teacht agus tagtha i bhfeidhm cheana féin maidir le hathrú aeráide, dúirt an tuairisceoir Conn Ó Muineacháin go raibh go leor leor diúltachas i leith na moltaí seo ag an teacht le chéile seo leis an bhFeisire Kelleher. Dúirt John Joe go nglacann feirmeoirí le 'eolaíocht cheart chruinn' ach go bhfuil amhras ar fheirmeoirí na tíre seo faoi eolas atá á chur amach maidir leis an athrú aeráide agus ról na feirmeoireachta ann.
Éist leis Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9