skip to main content

Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Ionracas inniu

Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. An mbíonn muid ionraic linn féin, fiú?

Síleann Siún gur thosaigh an domhan ag athrú nuair a tháinig Donald Trump i gcumhacht agus nuair a vótáil Sasana ar son imeachta ón Aontas Eorpach, tréimhse ar tugadh Breatimeacht air i nGaeilge sa bhliain 2016. Créimeadh go leor muinín ó shin in eagraíochtaí údaráis agus nuair a chuireann muid na meáin shóisialta san áireamh, is léir go bhfuil muid agus an domhan ina maireann muid athraithe ó bhonn.

Nuair a thagann sé chugainn féin, cad iad na bréaga beaga a insíonn muid dúinn féin? Cad is fírinne ann sa lá atá inniu ann, mar sin? Pléann Beo ar Éigean ábhar an tsaoil gach seachtain ar an gclár.

Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One Dé Domhnaigh ag 6pm nó aon am pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí