skip to main content

Máithreachas agus gach a bhaineann leis

Sa tsraith nua seo, díreofar ar thréimhsí éagsúla i saol na mban. Inniu, craolfar an clár beagáinín níos moille sa tráthnóna, agus díreoidh sé ar mháithreacha.

Labhrann Orla Ní Fhinneadha le Treasa Bhreathnach faoina saol mar mháthair nua, agus insíonn Imelda Ní Dhomhnaill dúinn faoina taithí mar mháthair dá mac fola agus mar mháthair altrama. Cloisfidh muid ó na saineolaithe Kate McDaid ó NutriKate, beidh Aofáine Breathnach ó Galway West Physiotheraphy agus beidh Aoife Ní Eochaidh, an comhairleoir speisialta i sláinte na mban in Ospidéal an Bon Secours i nGaillimh, ag roinnt a gcuid saineolais linn mar fhisiteiripeoirí.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Beidh an Dr Lucia Ní Artagáin ó Chlinic Torthúlachta Mherrion ag insint dúinn faoi na córacha leighis torthúlachta atá ar fáil do mhná ar mhaith leo páistí a bheith acu. Beidh dánta le cloisteáil sa gclár seo ó Julie Breathnach-Banwait, chomh maith le Máire Chóil Neaine Mhic Dhonnchadha as Seanachomheas agus Máire hOibicín Uí Eidhin. Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair.

Treasa Bhreathnach

This new series, which will be broadcast at a slighter later time today, focuses on the various stages of a woman's life and today, it will focus on mothers and motherhood. Orla Ní Fhinneadha speaks to Treasa Bhreathnach about her life as a new mother and we hear from Imelda Ní Dhomhnaill about her own life as a mother to her biological son and to her foster children. We hear from health experts Kate McDaid from NutriKate, Aofáine Breathnach from Galway West Physiotherapy and Aoife Ní Eochaidh, consultant specialist in women’s health in the Bon Secours Hospital in Galway, who will be sharing their expertise as physiotherapists. Dr Lucia Ní Artagáin from the Merrion Fertility Clinic will also be telling us about the various fertility treatments that are available to women who would like to have children. We will hear poems from poets, Julie Breathnach-Banwait as well as Máire Chóil Neaine Mhic Dhonnchadha from Seanachomheas and Máire hOibicín Uí Eidhin. Presented and produced by Treasa Bhreathnach.

Éist le Cosán na mBan inniu, Dé Luain ag 4.10 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.