Dúirt Stiúrthóir agus Scríbhneoir an scannáin, An Cailín Ciúin gur mhór an onóir dó cuireadh a fháil a bheith mar chuid den Academy.
Scannán a bhris an múnla ar go leor bealaí ab ea An Cailín Ciúin. Cuireadh ar ghearrliosta na n-Oscars é chomh maith le gearrliosta na mBAFTAs agus bhain sé go leor, leor duaiseanna eile ar an aistear go Hollywood.
I gcomhluadar Choilm, tá aisteoirí Éireannacha Kerry Condren agus Paul Mescal agus stiúrthóir an ghearrscannáin 'An Irish Goodbye', Tom Berkeley agus Ross White.
Truly honoured to have been invited to join @TheAcademy! Only wish I could see my teenage self's reaction! 🤯 pic.twitter.com/g4SNfuZXdt
— Colm Bairéad (@ColmBairead) June 28, 2023
Caithfidh gach ball urraíocht a fháil ó bheirt bhall eile le cuireadh a fháil chuig an Academy. Tá suas le 10,000 ball ag an Academy agus tá iarrachtaí breise á dhéanamh ag an Academy aghaidh a thabhairt ar an easpa ilchineálachta a aithníodh san Academy roinnt blianta siar.
I ráiteas a thug Príomhfheidhmeannach an Academy Bill Kramer agus Uachtarán an Academy Janet Yang, rinne siad tagairt do na hiarrachtaí seo:
"Of the 2023 class, 40% identify as women, 34% belong to underrepresented ethnic/racial communities, and 52% are from 50 countries and territories outside the United States".