Labhair Méabh Ní Bheaglaoích ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi leigheas an cheoil, ach go háirithe agus i ndiaidh bhás a hathar, Séamus Begley níos luaithe i mbliana.
Ceoltóir agus cumadóir í Méabh a lean a hathair chuig domhan an cheoil agus a bhfuil a ceird féin á chruthú aici idir amhráin agus ceol le bannaí ceoil ar nós The Weaving. Ag caint faoi phróiséas na cruthaitheachta agus na cumadóireachta, deir Méabh go dtagann sí ar cheol nua go minic trí thimpiste nuair a bhíonn sí ag cleachtadh ar uirlisí eile, seachas an bosca ceoil.
'is ag cleachtadh ar uirlis éigin eile a bhím, ag iarraidh cruth éigin a chur air, bheifeá ag cleachtadh port éigin eile agus b'fhéidir go ndéanfá dearúd agus go dtiocfadh port nua as'
Labhair Méabh faoi bhás a hathar, Séamus Begley a fuair bás go tobann ag tús na bliana. Ó shin i leith, tá an chlann ag tacú lena chéile, ag cruthú ceoil i dteannta a chéile, rud a thugann sólás dóibh.
Cé go bhfuil an saol athraithe dóibh ar fad, tá siad ag seinnt ceoil le chéile níos minice ná mar a bhí ariamh, rud a thaitneodh lena n-athair, a deir sí. 'Tá leigheas sa cheol agus tá leigheas níos mó sa cheol clainne'.