skip to main content

Cur chuige tomhaiste ag Ciarraí buacach

Labhair iarimreoir Chiarraí agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gclár An Saol Ó Dheas faoin mbua iontach a bhí ag Ciarraí ag an deireadh seachtaine agus a bhfuil rompu anois sa chluiche leathcheannais.

Cé go bhfuil stair fhada a théann siar breis agus scór bliain, deir Ó Cinnéide go bhfuil aithne ag an dá fhoireann seo ar a chéile le cúpla bliain anuas freisin. Ba léir ón taispeántas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn go raibh obair bhaile cuimsitheach déanta ag an Ríocht ar an mhuintir na Láimhe Deirge. Bhí siad diongbháilte ó thús agus bhí a gcur chuige tomhaiste tríd agus tríd.

Cé go raibh Tír Eoghain lag i gcomparáid leis an bhfoireann a thug leo Corn Mhig Uidhir cúpla bliain ó shin, bhí Ciarraí sármhaith freisin, dár le Dara Ó Cinnéide. Pribhléid dó a bheith in ann féachaint ar David Clifford i mbarr a réime ar an lá, duine de na himreoirí is fearr a bhí ariamh ag Ciarraí. Tá a ealaíon féin ag Clifford agus é i mbun peile, a deir sé agus tá sé go hálainn a bheith ag féachaint air.

Tá Ciarraí anois ag teacht in inmhe san am ceart in am don chluiche leathcheannais, rud atá fíor i gcás Bhaile Átha Cliath.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00