skip to main content

Tábhacht na cruthaitheachta do pháistí

Labhair muid leis an Laureate na n-Óg nua-cheaptha, Patricia Forde faoina ról nua agus bhí staid reatha na léitheoireachta in Éirinn.

An award-winning children's author from Galway, Forde will hold the title from now until 2026, taking up the position from the outgoing Laureate, Áine Ní Ghlinn. The role of Laureate na nÓg champions and celebrates literature for children and young people, with the goal of inspiring new generations of writers, illustrators and readers.

Tá muid ar maireachtáil i ré órga na litríochta do pháistí óga in Éirinn, a deir Patricia. Idir Bhéarla agus Ghaeilge, tá leabhair áille, spéisiúla agus siamsúla ar an margadh dóibh siúd a bhfuil nós na léitheoireachta iontu. Ach, an bhfuil moltaí ar bith aici dóibh siúd nach bhfuil sin acu go dtí seo? Molann Patricia tús a chur leis an léitheoireacht i gcomhluadar an tuismitheora a luaithe agus is féidir.

Léiríonn sin don pháiste nach nós oideachasúil amháin atá sa léitheoireacht ach rud a chabhróidh leo agus a thabharfaidh pléisiúr dóibh ar feadh an saoil. 'Feictear dom féin go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfeicfeadh an páiste tuismitheoir ag léamh'. Molann sí do thuismitheoirí am a chaitheamh ag léamh lena gcuid páistí agus más gá, a bheith ag léamh os ard leo chun na páistí sin a mhealladh i dtreo an scéil, ag an tús.

Creideann Forde go bhfuil cruthaitheacht i ngach duine againn ach go mbíonn faitíos orainn roimhe, ar uairibh. Dá réir, tá sé i gceist aici ina ról nua béim a chur ar an tsamhlaíocht le linn a tréimhse mar Laureate na n-Óg agus is é téama a tréimhse ná 'Samhlaigh, Samhlaigh! Making It Up As We Go Along' le cuid den bhrú a bhaint ón scríbhneoireacht agus ón léitheoireacht.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Deir sí go bhfuil scéalaíocht agus cruithaitheacht ionainn go léir agus nár cheart dúinn nó do pháistí a bheith buartha faoi cad is scríbhneoireacht mhaith ann ach peann a chur le pár.

'ná bí róbhuartha an bhfuil sé ceart nó mícheart, tá chuile dhuine go maith má thugann tú seans dóibh'

A former primary school teacher, Patricia is also a former Director of the Galway Arts Festival. She co-founded the Baboró International Arts Festival for Children in Galway in the mid-1990s; an annual event based on the child’s right to culture. She is the former Chair of Children’s Books Ireland.

Find out more about the Laureate na nÓg project here.