skip to main content

GAAGO 'i gcoinne spiorad' an CLG

Labhair Iar-Uachtarán an CLG, Seán Kelly, ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an gconspóid a bhaineann le GAAGO.

I measc an lucht cáinte atá ag an tionscnamh idir GAA agus RTÉ, GAAGO, tá an Tánaiste, Mícheál Martin chomh maith le Seán Kelly, Iar-Uachtarán an GAA féin.

Cosnaíonn na cluichí tuairim is €12 in aghaidh an chluiche agus an feisire Eorpach Seán Kelly go bhfuil míchothrom go bhfuil an socrú seo i bhfeidhm agus go bhfuil sé 'i gcoinne spiorad an Cumann Luthchleas Gael'. Luaigh sé nach aon leithscéal é go bhfuil airgead ag dul don CLG mar go ndeir sé go bhfuil níos mó airgid á dhéanamh acu ná riamh.

D'fhás GAAGO as togra a chur na cluichí ar fáil dóibh siúd a bhí thar leat agus a raibh spéis acu féachaint ar na cluichí. Dar le Kelly, bhí sin go hiontach ach deir Iar Uachtarán CLG gur cheart cluichí an Chumainn bheith ar fáil air chainéil teilifíse do mhuintir na hÉireann agus nár cheart costas bheith orthu ar GAAGO.

Tá an socrú seo ag cur isteach go mór ar go leor den lucht tacaíochta láidir atá ag an CLG agus deir Seán go bhfuil na daoine seo níos tábhachtaí ná airgead.