This week, we hear The Bonny Men in concert.
An tseachtain seo, sa tsraith samhraidh seo ina gcloisimid ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal, beidh an grúpa The Bonny Men le cloisteáil againn ar stáitse. Is as Baile Átha Cliath do bhaill an ghrúpa seo Natalie Ní Chasaide, Maitiú Ó Casaide, Conor agus Barry Lyons, Adam Whelan, Moss Landman agus Turlough Chambers. Is sár-cheoltóirí iad uilig agus máistreacht acu ar a gceird, mar a chloisfimid sa cheolchoirm seo tráthnóna. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán.
The Bonny Men will be the group on stage in this week's show in this summer series featuring live concerts recorded in Stiúideo Cuan in An Spidéal. The Bonny Men hail from Dublin, and its members are Natalie Ní Chasaide, Maitiú Ó Casaide, Conor and Barry Lyons, Adam Whelan, Moss Landman and Turlough Chambers. They are all masterful musicians, and experts at their craft, as we’ll hear in this evening’s concert. A Stiúideo Cuan production, in association with RTÉ Raidió na Gaeltachta and Coimisiún na Meán.
Déardaoin, 29 Meitheamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7pm.