Labhair Cearbhall Ó Síocháin, Rúnaí Ghrúpa Ceardchumann RTÉ ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin staid reatha in RTÉ maidir le híocaíochtaí breise agus trédhearcacht na heagraíochta trí chéile.
I ráiteas atá eisithe ag Craobh na gCraoltóirí de Cheardchumann na nIriseoirí in RTÉ, dúirt siad go bhfuil tuilleadh ceisteanna le freagairt anois, ó d'fhogair an tArd Stiurthoir Dee Forbes go bhfuil sí ag éirí as agus go bhfuil sé níos prainní ná ariamh go bhfreagrófaí na ceisteanna sin.
Dúirt Cearbhall go bhfuil deis iontach ann do ardbhainistíocht RTÉ, Dee Forbes san áireamh ceisteanna atá á gcur ag an bpobal chomh maith leis an bhfoireann maidir le híocaíochtaí breise a tugadh do Ryan Tubridy. Má fhreagraítear na ceisteanna faoi cé acu a raibh ról acu sa ghnó seo, deir Cearbhall go gcabhródh sé leis an bhfearg agus díomá atá ar an bpobal agus ar an bhfoireann araon.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luaigh Cearbhall go gcuireann na ceardchumainn fáilte roimh an athbhreithniú a d'fhogair an tAire Catherine Martin ach ba mhaith leo go mbeadh an fhoireann agus na ceardchumainn a bheith lárnach san athbhreithniú seo.
Éist le Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ag am lóin