Labhair Dara Ó Cinnéide agus Macdara Mac Donncha ar an gclar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi staid reatha an Chumann Luthchleas Gael agus muid ar druidim le cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Dúirt Ó Cinnéide gur 'tarrac an-mhaith é d'imreoirí Chiarraí' an tarrac a fuair siad le himirt i gcoinne Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo chugainn. Tabharfaidh sé 'spreagadh agus gríosadh breise' dóibh dár le hiarimreoir le Ciarraí agus tá sé den tuairim go gcaithfidh Ciarraí a bheith go maith chun buachtaint orthu. Ag féachaint ar an gcluiche dúshlánach seo, creideann sé go mbeidh Corn Sam Mag Uidhir ag teacht chuig an Ríocht arís eile, 'má thagann Ciarraí tríd an gceann sin, shamhlóinn go mbuafaidh siad amach é'
Imreoidh Ciarraí Tír Eoghain i bPáirc a Chrócaigh Dé Sathairn seo chugainn air 3;45. Beidh Ard Mhacha le Muineachán air a 6. De Domhnaigh beidh Corcaigh le Doire 1;45, agus casfaidh Ard Mhacha ar Mhuineachán air a 4 a chlog tráthnona Dé Domhnaigh. Beidh na cluichí le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.