skip to main content

Dea-scéal do cheantar Uíbh Ráthaigh

Tá ana-bhorradh ar an nGaolainn sa Dromod agus i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh le tamall anuas, a dúirt Bainisteoir Ionad na Dromod, Emir Ní Mhurchú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Emir gur choinníodh an brú óige ar oscailte don bhliain ar fad don chéad uair mar go raibh éileamh air agus gur oir sé do go leor daoine a bhí ag cuartú lóistín ar phraghas réasúnta. Luaigh sí freisin go raibh turasóirí idirnáisiúnta chomh maith le hÉireannaigh ar cuairt chuig ceantar Uíbh Ráthaigh le tamall anuas.

Cathair Saiddhbhín in Uíbh Ráthach

Le tacú leis an nGaeilge sa cheantar, deir Ní Mhurchú go bhfuil comhoibriú ar siúl ar Tús Maith ó Cheantar Chorca Dhuibhne chomh maith le Tuismitheoirí le Gaeilge a dhíríonn go sonrach orthu siúd atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Tá obair mhór déanta ag grúpaí pobail a deir Emir le pobal a thógáil in Uíbh Ráthach agus is léir ó thorthaí an daonáirimh nach obair in aisce a bhí ann mar go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí sa cheantar agus níos mó Gaeilge á labhairt ann freisin.