skip to main content

Saol na mban faoin spotsholas ar chlár nua le RTÉ RnaG

Treasa Bhreathnach presents the first programme in this new series focused on the various stages of a woman's life.

Sa tsraith nua seo, díreofar ar thréimhsí éagsúla i saol na mban. Sa chéad chlár inniu, cloisfidh muid ó thriúr déagóirí óga as ceantar Cheathrú Thaidhg i Maigh Eo – Katie Ní Chonghóile agus Maedhbh Ní Mhonacháin as Ceathrú na gCloich, agus Katelyn Nic Éil as Cill Ghallagáin. Cloisfidh muid ó shaineolaithe éagsúla sa gclár freisin, ina measc an síceolaí cliniciúil an Dr Cáit Verling agus an Comhairleoir Síciatrach in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn an Dr Fiona McNicholas. Beidh dánta nuachumtha le cloisteáil sa gclár ó Éire Ní Fhaoláin, Áine Ní Ghlinn agus Pauline Nic Chonaonaigh. Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair.

Áine Ní Ghlinn

This new series focuses on the various stages of a woman’s life. In the first programme today, we hear from three teenagers from the Ceathrú Thaidhg area of Mayo – Katie Ní Chonghóile and Maedhbh Ní Mhonacháin from Ceathrú na gCloich and Katelyn Nic Éil as Cill Ghallagáin. We will hear contributions from various health experts, including the Clinical Psychologist Dr Cáit Verling and Dr Fiona McNicholas, Consultant Psychiatrist in the National Children’s Hospital in Crumlin. We will also hear newly-commissioned poetry Éire Ní Fhaoláin, Áine Ní Ghlinn and Pauline Nic Chonaonaigh. Presented and produced by Treasa Bhreathnach.

Dé Luain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 2.05pm