Scríobhann Traolach Ó Buachalla mar gheall ar mhórshiúl Bhród agus an tábhacht a bhaineann leis an bhféile agus leis an bhfeachtas sa bhliain 2023.
Sa bhliain 2015 bhíos i stiúideo Raidió na Gaeltachta in RTÉ i nDomhnach Broc. Bhíomar i gcroílár an fheachtais ar son chomhionannais an phósadh. Bhíos traochta. Bhíos féin, mo chairde, an pobal LADT+ ar fad tugtha, traochta. Bhí sál ár mbróga lom againn ag dul ó thigh go tigh ag déircínteacht votaí (is mar sin a mhothaigh sé amanta). Gach lá den bhfeachtas bhí an saol, an t-aer fiú, lán de thuairimíocht, de cheisteanna, de dhíospóireacht: fúinne. An rabhamar fiúntach? An rabhamar sábháilte? An rabhamar ionann? An raibh an pósadh á scrios againn? An raibh stádas ionann 'tuillte' againn?

Saghas tearmann is ea an stiúideó raidió, táid dorcha agus clochar, cuireann tú cluaisíní ort is níl le clos ach d’anál féin, glór Chormaic Uí hEadhra agus an fear suite in aice leat ag rá nach ceart duitse a bheith ionann- nach bhfuil sé sin ‘cóir’, nár cheart cead duit pósadh, nach bhfuil sé sásta do lánúin a aithint…..
Chríochnaigh an díospóireacht, bhíos caite. D’fhágas an stiúideó agus ansin lasmuigh ar chéimeanna an fhoirgnimh tháinig an fear chugam: "A Thraolaigh, tá a fhios agat nach bhfuil sé pearsanta".
Tá sé pearsanta.
Is pribhléid é a bheith ábalta a rá nach bhfuil seasamh a thógann tú 'pearsanta'. Tugtar le fios láithreach nach ábhar é ina bhfuil aon tionchar dáiríre aige ar do shaol, nach mbaineann sé leat.
Tá gach rud pearsanta, ón oideachas go dtí an dlí, ó chúrsaí stáit go cúrsaí teaghlaigh, agus, gan dabht, sa tír seo fiú cúrsaí teangan.
‘S tá an pholaitíocht pearsanta agus , mar a deirtear, tá an rud pearsanta polaitiúil.
Cearta na mBan. Cinníochas.
Pearsanta. Pearsanta. Polaitiúil, Polaitiúil.
Córas sláinte na tíre. Córas Oideachais.
Pearsanta. Pearsanta. Polaitiúil, polaitiúil.
Athrú aeráide. Eacnamaíocht.
Pearsanta. Pearsanta. Polaitiúil, Polaitiúil.
Tá an rud pearsanta agus polaitiúil fite fuaite lena chéile go docht.
Sin é an fáth go mbeadsa páirteach sa mháirseáil Bróid ag an ndeireadh seachtaine mar, bhuel toisc go mairim. Seasann an mháirseáil agus an phobal LADT+ don athrú atá tagtha ar an stát seo, ar an náisiún seo agus ardaíonn muid freisin an t-athrú a/go bhfuil gá leis fós. Seans í an mháirseáil an fhearg a mhothaíonn muid as ucht an deighilt a déantar orainn mar dhaoine a léiriú, seans í an t-easpa in ár dtreo ó chórais an stát a ardú. Seans achainí a dhéanamh ar an bpobal agus ar an rialtas.
Is trionóid de shaghas é an duine, an pobal agus an stát.
Is léiriú é ar náisiún (ar Phoblacht go háirithe) ar cé chomh sábháilte chomh ionann agus chomh saor is atá na daoine ann. Is comhartha ar cé chomh aibí agus cóir is atá tír nuair a bhíonn an trionóid seo den nduine, den bpobal is den stát i dtiún le chéile.
Féach cursaí teangan na tíre seo: Ní leor é go labhrann an duine nó daoine Gaeilge. Tá gá le meas agus tacaíocht ón bpobal i dtreo na teanga freisin agus rud atá chomh tábhacht céanna arís ná mar a chaitheann an stát léi. Feictear dúinn go soiléir i gcás na Gaeilge cé chomh suntasach is atá an ról atá ag an stáit - fiú is an duine á labhairt, an pobal ar a son - tá an teanga i mbaol toisc easpa cur chuige an stáit
Sin é an fáth go mbeadsa ag máirseáil Dé Sathairn. Dom féin – léiriú ar an mbród atá agam dom féin, dom fhear céile, dom phobal.
Bead ag máirseáil i dteannta mo phobal aiteach ag léiriú dóimh siúd go léir go seasaim leo.
Bead ag máirseáil ag cur i gcuimhne do phobal an náisiúin uile go bhfuilimid anseo mar chuid den bpobal, is sinne bhúr gcomharsan.
Bead ag máirseáil ag déanamh achainí ar an rialtas, ar an stát, go ndéanfaidh said mionlaigh na tíre seo a chosaint, comhchúram a dhéanamh do chlann uile an náisiúin.
Beidh sé polaitiúil agus TÁ SÉ PEARSANTA.