skip to main content

Biseach ón Ailse: Dóchas sa dorchadas

Biseach ón Ailse, clár faisnéise cumhachtach nua ina bhfiosraítear an dul chun cinn nuálach atá déanta i dtaighde ailse in Éirinn, le tacaíocht ó Breakthrough.

Biseach ón Ailse, TG4 Déardaoin 22 Meitheamh 8.30pm

Cuirfear in iúl do dhuine amháin as gach beirt in Éirinn ag tráth éigin ina saol go bhfuil ailse orthu, is é sin lomchlár na fírinne faraor, ach tá lucht taighde ar fud oileán na hÉireann ag tabhairt aghaidh air sin leis na torthaí iontacha atá faighte acu a bhuíochas don tacaíocht a fhaigheann siad ó mhórcharthanachtaí amhail Breakthrough Cancer Research.

Biseach ón Ailse, clár faisnéise cumhachtach nua ina bhfiosraítear an dul chun cinn nuálach atá déanta i dtaighde ailse in Éirinn, le tacaíocht ó Breakthrough.

Sa chlár croíúil comhthuisceana seo, tabharfaidh Evelyn O'Rourke, craoltóir, iriseoir agus bean atá tagtha slán ón ailse, beirt eile atá tagtha slán ó ailse aghaidh ar aghaidh le taighdeoirí díograiseacha ailse chun an tionchar ollmhór a bhíonn ag taighde ailse ar an saol a nochtadh. Tá spéis mhór ag an láithreoir iomráiteach i dtaighde ailse de bharr go raibh ailse uirthi féin 12 bhliain ó shin.

Láithreoir Evelyn O' Rourke

Sa chlár faisnéise seo, casfaidh sí le Caitríona Greene agus Ann Marie O'Sullivan, beirt atá tagtha slán ó ailse agus a inseoidh a scéalta pearsanta féin faoi mhisneach agus teacht aniar. Taispeánfar sa chlár faisnéise tochtmhar seo mar a chruthaíonn taighde dul chun cinn agus mar a thagann níos mó daoine slán ón ailse mar gheall ar an dul chun cinn sin. Tá an nuálaíocht agus an eolaíocht i bhfolach taobh thiar den chothromú simplí sin agus is é an toradh deiridh a bhíonn air ná go gcuidíonn sé le daoine filleadh ar an saol arís mar a bhí, agus cuimhní agus deiseanna a chruthú nach mbeadh acu ar chor ar bith murach taighde ailse.

Is scéal é seo faoi mhisneach agus buanseasmhacht, agus is clár é freisin in ómós do na daoine ar leith sin atá ag obair gan staonadh chun cóireálacha agus diagnóisic nua, níos fearr, níos éadroime agus níos cliste a aimsiú d’ailse. Craolfar an clár faisnéise, a bhfuil tacaíocht aige ó Breakthrough Cancer Research agus a léirigh Derek Nagle ó Bo Media, Déardaoin an 22 Meitheamh ag 8.30pm TG4.

Tabharfaidh Biseach ón Ailse an lucht féachana ar aistear trí dhomhan an taighde ailse, ag fiosrú na heolaíochta is déanaí is cúis le cóireálacha agus teiripí nua. Tráchtfar ann ar scéal beirte atá tagtha slán ón ailse, Caitríona Greene agus Ann Marie O’Sullivan agus casfar leis na taighdeoirí agus daoine atá ar son an taighde atá ag cur cuir chuige nua agus nuálacha chun cinn chun deireadh a chur le hailse.

Cuireadh in iúl do Chaitríona, múinteoir as Dún na nGall, go raibh ailse uirthi in 2021 agus nuair a bhí cóir leighis á cur uirthi fuair sí amach go raibh sí ag iompar páiste. Fuair Caitríona 10 mbabhta ceimiteiripe sular thug sí a hiníon aoibhinn ar an saol. Dúirt Caitríona, "Caithfidh tú do mhuinín a chur sa taighde agus a bheith ag cuimhneamh ar na mná eile sin a raibh ailse orthu agus nach raibh taighde acu. Bím ag cuimhneamh ar an gcéad bhean sin a bhí ag iompar páiste agus a fuair ceimiteiripe nach raibh aon taighde aici. Rinne sise é sa chaoi agus go mbeadh mná ar nós mise ábalta suí sa chathaoir sin agus fios agam go raibh an rud a bhí á dhéanamh agam ceart."

B’í Ann Marie O’Connor an chéad bhean i gCúige Mumhan a fuair cóireáil nua (TCH-P) nuair a diagnóisíodh go raibh ailse uirthi ag tús phaindéim COVID in 2020. D’éirigh leis an gcóireáil agus bíonn sí ag cuimhneamh ar an misneach a thug an fhoireann leighis di.

Léirítear sa chlár faisnéise go bhfuil níos mó daoine ag teacht slán ó ailse in Éirinn sa lá atá inniu ann a bhuíochas don infheistíocht atáthar a dhéanamh i dtaighde agus an chúis go bhfuil géarghá tuilleadh taighde a dhéanamh maidir le hailsí a mbíonn prognóis níos measa leo. Leathchéad bliain ón shin, ba níos lú ná leath de na daoine a diagnóisíodh go raibh ailse brollaigh agus próstataigh orthu a bhí ábalta a bheith ag súil le maireachtáil cúig bliana eile. Sa lá atá inniu ann, a bhuíochas d’infheistíocht atá déanta i dtaighde ailse, is 88% agus 93% faoi seach anois na ráta maireachtála cúig bliana do na hailsí sin. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, tá roinnt de na rátaí maireachtála maidir le roinnt ailsí fós faoi 15% (An Chlárlann Náisiúnta Ailse: Tuarascáil Staitistiúil Bhliantúil 2022).

Tugtar léargas freisin sa chlár ar an obair cheannródaíoch atá ar bun ag Breakthrough Cancer Research a bhfuil sé d'aidhm acu fadsaoil 100% a chruthú do 100% d'ailsí trí thuilleadh maoiniú taighde a infheistiú sna hailsí sin is mó a bhfuil feabhas ag teastáil ina leith, na hailsí sin is cúis le beagnach leath na mbásanna ailse in Éirinn, agus tríd an am a nglacann sé fionnachtana saotharlainne a chur ar aghaidh chuig na hothair a laghdú.

Ná caill an clár faisnéise cumhachtach agus spreagúil seo, ina dtugtar spléachadh ar dhomhan an taighde ailse agus ar an dóchas atá sé ag cruthú don todhchaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Breakthrough Cancer Research ach dul go dtí breakthroughcancerresearach.ie

Biseach ón Ailse, TG4 Déardaoin 22 Meitheamh 8.30pm