skip to main content

Uair na Cinniúna: Athrú Aeráide

Insíonn an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth, do TG4 nach bhfuil an Rialtas in ann a dheimhniú go mbainfidh Éire na spriocanna gníomhaithe ar son na hAeráide atá aici amach don bhliain 2023 agus go seachnófar na billiúin euro i bhfíneálacha.

Le linn dó a bheith ag labhairt leis an iriseoir Kevin Magee ón gclár Iniúchadh TG4 – Uair na Cinniúna, deir sé má theiptear ar na spriocanna atá socraithe a bhaint amach go bhféadfadh fíneálacha suas go €8bn a bheith mar thoradh air sin do cháiníocóirí na hÉireann.

Dúirt an tAire Stáit: "Is dúshlán mór é agus nílim cinnte an mbainfimid na spriocanna amach. Ach déanfaimid ár ndícheall.

Mhínigh Marie Donnelly, Cathaoirleach na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide, an costas airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ann mura mbainfear amach na spriocanna atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide. "Bhí sprioc againn maidir le laghdú astaíochtaí don bhliain 2020 agus níor bhaineamar sin amach agus mar thoradh air sin, bhí orainn laghduithe astaíochtaí na mballstát a cheannach d’fhonn an sprioc sin a bhaint amach. Tá an sprioc don bhliain 2023 i bhfad níos deacra. Léiríodh sa mheastachán deireanach a rinne an roinn airgeadais go gcuirfear fíneáil 8 mbilliún euro orainn sa bhliain 2030 mura mbainfimid na spriocanna amach."

Ossian Smyth TD

Dheimhnigh an tAire Smyth go mbeadh costas suas go dtí ocht mbilliún euro ar an gcáiníocóir muna mbainfear an sprioc amach.

Dúirt sé: "Táimid ag caint faoi 8 mbilliún euro mar phionós. Tá an ceart agat, ach braitheann sé ar an gcostas carbóin sa bhliain 2030 agus níl a fhios againn faoi sin. Beidh ar gach duine sa tír an t-airgead sin a íoc muna ndéanaimid na rudaí atá le déanamh chun na hastaíochtaí a laghdú. Beidh pionós mór le híoc sa bhliain 2030 muna mbainfimid amach na spriocanna. Mar sin bheadh sé níos ciallmhaire airgead a chaitheamh ar na rudaí atá le déanamh chun na hastaíochtaí a laghdú."

Nuair a fiafraíodh den Aire an bhfuil pleananna ann chun breis is 200,000 bó bhainne a chuileáil chun astaíochtaí a laghdú san earnáil feirmeoireachta, dúirt sé dá mbeadh air sin tarlú gur scéim dheonach a bheadh i gceist agus go gcúiteofaí na feirmeoirí.

"Is faoi na feirmeoirí a bheadh sé dá dtarlódh sé sin agus níl aon chinneadh déanta faoi. Ceapaim go bhfuil tuarascáil ag an Aire Talmhaíochta air sin ach sin cinneadh a bheidh air a dhéanamh amach anseo. Níl cinneadh déanta ag an rialtas go fóill ar an ábhar sin agus má chinnfear an tréad a laghdú, déanfar sin ar bhonn roghnach agus deonach", a dúirt an tAire Smyth.

Déanfar inniúchadh sa chlár ar thionchar an athraithe aeráide in Éirinn, an ghéarchéim is mó atá roimh an gcine daonna sa 21ú haois. Taistealóidh Kevin Magee ar fud na tíre chun na rioscaí ollmhóra sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíochta atá romhainn a fháil amach idir chreimeadh cósta, chailliúint speiceas nádúrtha dúchasach agus phatrúin aimsire nach féidir a thuar.

D’inis Mary Frances Rochford, Bainisteoir Cláir sa Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, go bhfuil méadú tagtha ar Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa na hÉireann le blianta beaga anuas.

Dúirt sí: "An rud a chonaic muid san fhardal gás ceaptha teasa sa bhliain 2021 ná go raibh astaíochtaí na tíre ag méadú tar éis Covid agus mar a tharlaíonn sé, bhí siad níos airde sa bhliain 2021 ná mar a bhí siad sa bhliain 2019."

Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil rabhadh freisin go bhfuil sé réamh-mheasta nach mbainfidh Éire a sprioc amach maidir le hastaíochtaí a laghdú 51% faoin mbliain 2030 mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.

"Léirítear sna réamh-mheastacháin atá déanta againn go laghdóidh Éire na hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa 29% má cuireann sí na pleananna agus beartais atá sonraithe laistigh den phlean gníomhaithe ar son na haeráide i bhfeidhm. Caillfidh gach earnáil an uasteorainn earnála atá acu agus beidh sé le feiceáil againn go mbeimid ag sárú na mbuiséad carbóin atá againn go mór."

Chomh maith leis na costais airgeadais a bhaineann leis na spriocanna a chailleadh, casfaidh Kevin le daoine a mhíneoidh an tionchar atá ag an athrú aeráide ar an gcomhshaol agus ar an gcine daonna agus déanfaidh sé iniúchadh an leor ár bhfreagra nó an bhfuilimid rómhall?

Craolfar Iniúchadh TG4 Uair na Cinniúna oíche Dé Céadaoin ag 9:30pm ar TG4 nó ar Sheinnteoir TG4.