Tá na meáin Ghaeilge chun cinn ar go leor bealaí, tá spórt na mban á chur chun cinn ag TG4 le fada an lá agus tá mná lárnach an samhradh seo sna meáin Ghaeilge arís le cláracha nua, ceannródaíocha a thugann léargas dúinn ar shaol na mban sa lá atá inniu ann.
Cosán na mBan, ag tosú 26 Meitheamh ag 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ar 26 Meitheamh ag 2.05 pm, cuirfear tús le Cosán na mBan le Treasa Bhreathnach. Is iomaí casadh i mbóthar an tsaoil agus sa tsraith seo labhrann Treasa le mná faoi na tréimhsí éagsúla i saol na mban, ón óige go dtí an tseanaois. Beidh mná ag cur síos ar a dtaithí ar an saol, ar na deacrachtaí, na dúshláin agus na gnéithe éagsúla a chuireann gliondar orthu. Cloisfidh muid ó dhéagóirí, ó mháithreacha, ó seanmháithreacha, ó mhná nach bhfuil páistí acu, agus beidh plé ar an saol oibre agus ar an meanapás. Beidh saineolaithe sláinte le cloisteáil i ngach eagrán agus comhairle acu do mhná, agus beidh dánta nua-choimisiúnaithe ó phlúr na bhfilí ar an gclár gach seachtain, ina measc Áine Ní Ghlinn, Julie Breathnach-Banwait, Máire Dinny Wren, Bríd Ní Mhóráin, Dairena Ní Chinnéide, Réaltán Ní Leannáin agus Áine Ní Fhoghlú.
Dúirt Bean Liom, Dé Céadaoin 8.30pm ar TG4
Sa tsraith nua seo casfar trí bhean déag orainn ó ghlúnta éagsúla a bhfuil taithí fhairsing ar an saol acu chun a ndearcadh a fháil ar shaincheisteanna móra pearsanta ó thaobh na mban de. Le linn na sraithe, roinnfidh na mná a dtuairimí agus an taithí atá acu ar bheith ag déileáil le dúshláin an tsaoil, cúrsaí grá agus caidrimh, ról na mban sa saol agus mar atá sé sin ag athrú agus saincheisteanna a bhaineann le mná agus a gcolainn. Is minic a bhíonn an clár oibre leagtha amach ag fir agus bunaithe ar dhearcadh fir. Pléifear saincheisteanna sa tsraith seo trí mheon mná agus roinnfear tuairimí mná ar shaincheisteanna a bhaineann leo.
Déanfar inniúchadh ar dhomhan na cúirtéireachta sa lá atá ann inniu, ar bhriseadh croí agus uaigneas, ar sceitimíní an phósta agus caidrimh thábhachtacha eile a chothaíonn grá agus gean sa dara clár den tsraith. Casfar Síomha Nic Aonghusa, ceoltóir agus bean ghrinn, orainn bean óg atá ag treabhadh trí na farraigí fiáine i saol na cúirtéireachta sa lá atá ann inniu. Deirtear nach bhfuil aon leigheas ar an ngrá ach pósadh agus tá Étáin Ní Churraoin ag ullmhú dá lár mór in éineacht lena deirfiúr Máire. Casfar an scríbhneoir mór le rá Nuala Ní Dhomhnaill orainn a thabharfaidh cuntas ar chora agus castaí an tsaoil agus ar chúrsaí caidrimh ina taithí saoil féin go dtí seo.
Beo ar Éigean, Dé Domhnaigh ar RTÉ Radio One ag 6pm agus ar phodchraoladh aon am.
Tá cáil anois ar Bheo ar Éigean mar spás sabháilte ní hamháin do na láithreoirí, Áine, Sinéad agus Siún ach dóibh siúd a bhíonn ag éisteacht leo. Bí ag súil le hionracas, le gáire chroíúil agus le comhráití nach mbeifeá ag súil leis ón triúr.