skip to main content

Cláracha nua don samhradh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

I measc bhuaicphointí sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá ceol nua chomh maith le sraith drámaíochta grinn, Carthanacht Chlíodhna.

Gach Déardaoin ag 7 pm, craolfar an tsraith nua Beo ón gCuan. Sa tsraith seo, cloisfidh muid ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal le plúr na ngrúpaí traidisiúnta, ina measc Altan, T with the Maggies, Líadan, Slide, The Bonny Men, Na Casaidigh, Skipper's Alley, agus go leor leor eile. Is iad Téada a bheas le cloisteáil sa chéad chlár ar an 8 Meitheamh. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan.Beidh sraith drámaíochta ghrinn le cloisteáil gach Déardaoin ag 8.30 pm, Carthanacht Chlíodhna, léiriú de chuid Pinch of Sult. Tá an tsraith lonnaithe i siopa carthanachta i mbaile beag faoin tír. Is í Clíodhna bainisteoir an tsiopa, duine teasaí, agus níl ach aidhm amháin aici, an duais don siopa carthanachta is fearr in Éirinn a bhaint. Ar chuid de na haisteoirí sa tsraith, beidh Bairbre Ní Chaoimh, Donncha Crowley, Eoin P Ó Murchú agus Marcus Lamb.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Beidh Marcus Mac Conghail ar ais le sraith nua d’Aistí ón Aer, sraith a thugann ardán don nua-scríbhneoireacht Ghaeilge. Beidh scríbhneoirí úra agus aitheanta araon le cloisteáil sa tsraith, agus iliomad ábhar á gcíoradh acu. I measc na scríbhneoirí, beidh Danny Brown, Theo Dorgan, Mairéad Ní Nuadháin, Colm Ó Snodaigh, Ian Lee, Paula Kehoe, Aifric Ní Scolaí, Mary Owens agus Andrea Palandri. Beidh an clár le cloisteáil gach Máirt ag 2.05 pm.

Theo Dorgan

Ar 26 Meitheamh ag 2.05 pm, cuirfear tús le Cosán na mBan le Treasa Bhreathnach. Is iomaí casadh i mbóthar an tsaoil agus sa tsraith seo labhrann Treasa le mná faoi na tréimhsí éagsúla i saol na mban, ón óige go dtí an tseanaois. Beidh mná ag cur síos ar a dtaithí ar an saol, ar na deacrachtaí, na dúshláin agus na gnéithe éagsúla a chuireann gliondar orthu. Cloisfidh muid ó dhéagóirí, ó mháithreacha, ó seanmháithreacha, ó mhná nach bhfuil páistí acu, agus beidh plé ar an saol oibre agus ar an meanapás. Beidh saineolaithe sláinte le cloisteáil i ngach eagrán agus comhairle acu do mhná, agus beidh dánta nua-choimisiúnaithe ó phlúr na bhfilí ar an gclár gach seachtain, ina measc Áine Ní Ghlinn, Julie Breathnach-Banwait, Máire Dinny Wren, Bríd Ní Mhóráin, Dairena Ní Chinnéide, Réaltán Ní Leannáin agus Áine Ní Fhoghlú.

Treasa Bhreathnach

Beidh Cárthach Breathnach ar ais le sraith nua den chlár Cúlchaint, ina gcloisfear agallaimh le pearsaí spóirt ach go mbeidh an comhrá dírithe ar an saol atá acu taobh amuigh de chúrsaí spóirt go háirithe. Beidh sé sin le cloisteáil gach Aoine ag 2.35 pm.Beidh Caoimhín Ó Sé ar ais le sraith nua den chlár Tobar an Cheoil a bheidh le cloisteáil gach aon mhaidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am. Seo an deichiú bliain den chlár, agus beidh ceol agus amhráin ag Caoimhín dúinn gach lá, idir shean agus nua, mar aon le heolas faoi fhéilte, fleadhanna agus ócáidí eile ceoil ar fud na tíre.Beidh Comhrá an Tráthnóna le Pádraig Ó Sé ar ais arís freisin, gach Céadaoin ag 2.05 pm, agus sraith iontach spéisiúil agallamh ag Pádraig dúinn le Gaeil ar fud na tíre. Beidh neart clúdach ar chúrsaí spóirt i gcaitheamh an tsamhraidh mar is iondúil, agus beidh foireann spóirt na seirbhíse ag taisteal thuaidh, theas, thoir agus thiar agus clúdach beo acu ar na cluichí agus na himeachtaí spóirt is tábhachtaí d’éisteoirí an Raidió gach deireadh seachtaine.Ansin, amach i mí Iúil, cuirfear tús le réimse eile cláracha samhraidh.

Beidh Áine Hensey ar ais le dhá shraith nua – Consairtín gach Luan ag 1.30 pm, agus Ar Bhruach na Sionainne gach Céadaoin ag an am céanna. Sa tsraith Consairtín, cloisfidh muid sraith coirmeacha a taifeadta le linn Consairtín 2023 in Inis i mí Aibreáin, agus beidh ceoltóirí den scoth le cloisteáil ann. Is iad mic léinn ó Ollscoil Luimnigh a chuirfidh na cláracha i láthair sa tsraith Ar Bhruach na Sionainne. Sna cláracha, beidh agallaimh, ceol agus amhráin ó na mic léinn iad féin, óna gcairde agus a muintir, chomh maith le hiar-scoláirí, teagascóirí agus lucht léinn na hollscoile. Beidh sraith cartlainne le cloisteáil amach sa samhradh freisin le hAlbert Fry. Cláracha ceoil atá i gceist ar théamaí éagsúla, ar nós an grá, an imirce, an t-ól, agus go leor eile, agus rogha iontach ceoil ar na téamaí sin le cloisteáil ann gach seachtain.

Beidh sraith faoi chathair Bhéal Feirste freisin, agus na ceathrúnaí éagsúla ann, agus sraith faoi scríbhneoirí na Sé Chontae. Beidh fáil ar na cláracha uilig ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar an Seinnteoir Raidió i ndiaidh a gcraolta.