skip to main content

Teannas faoi theifigh

Labhair painéal an Luain ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tslí a chaitear le teifigh atá ag teacht go hÉirinn, i bhfianaise na tine a lasadh ag an deireadh seachtaine san Ardchathair.

Dhóigh léirsitheoirí frith-theifeacha pubaill agus sealúchas teifigh atá gan dídean ag an deireadh seachtaine i lár chathair BÁC agus tá na Gardaí chun bualadh leis an Aire Roderic O'Gorman chun plé ar chonas a dhéantar póilíniú ar léirsithe frith-theifeacha.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Mhínigh Harry Mc Gee, iriseoir leis an Irish Times an méid a thit amach ag an deireadh seachtaine, áit ar thosaigh ráflaí faoi na teifigh a bhí ag cur futhu ar Sráid Sandwith agus ina dhiaidh sin gur bhailigh roinnt daoine ón eite dheis atá frith-theifeach ag iarraidh an ruaig a chur orthu.

Tá go leor díospóireachta ann faoi cé air a thiteann an fhreagracht maidir leis an teifigh a thagann go hÉirinn ag cuartú dídean.

Bhí cuid mhór Gardaí i láthair a dúirt Harry, dóadh na pubaill go talamh agus gur léir ón eachtra seo agus eachtraí eile go bhfuil an teannas agus an foréigean agus dul i méid in Éirinn.