D'fhéadfadh an ghéarchéim thithíochta in Éirinn leanúint ar aghaidh ar feadh 10 mbliana eile ar a laghad dar le comhalta den chomhrialtas, ón gComhaontas Glas, an T.D. Marc Ó Cathasaigh.

Le linn dó a bheith ag labhairt ar an gclár is déanaí sa tsraith cúrsaí reatha TG4, Iniúchadh TG4 - Gan Dídean, dúirt Marc Ó Cathasaigh, urlabhraí Coimirce Sóisialaí an Chomhaontais Ghlais, go gcreideann sé go bhféadfadh 10 mbliana eile a bheith i gceist sula réiteofar an ghéarchéim thithíochta.

Is éard a dúirt an tUasal Ó Cathasaigh: "Is jab ollmhór é sin agus ní féidir é a dhéanamh laistigh de chúpla mí nó laistigh de bhliain nó dhó. Chun an fhadhb a réiteach go huile agus go hiomlán, tá muid ag caint go fadtéarmach go cinnte. Deich mbliana ar a laghad déarfainn féin."

Is clár uair an chloig é seo atá á chur i láthair ag an iriseoir iniúchta Kevin Magee agus ina scrúdaítear an tionchar atá ag an ngéarchéim thithíochta is measa in Éirinn sa lá atá ann inniu agus ina leantar saol na ndaoine atá ag obair ar an líne thosaigh leis na daoine gan dídean agus craolfar an clár ar TG4 Dé Céadaoin, 17 Bealtaine @ 9:30pm.

Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien a bheidh ag labhairt sa chlár freisin ná go bhfeicfidh daoine difríocht shuntasach sa soláthar tithíochta nua roimh an gcéad olltoghchán eile ach dhiúltaigh sé a rá cén uair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim.

Dúirt sé: "Nílim ábalta dáta a chur air ach táim dóchasach, agus táim cinnte, roimh an gcéad toghchán eile seo, roimh 2025, go mbeidh muid ábalta a thaispeáint do na daoine go bhfuil an rud ceart á dhéanamh ag an Rialtas. Beidh daoine ar fud na tíre ábalta scéimeanna nua a fheiceáil i ngach contae in Éirinn. Tuigeann an chuid is mó de na daoine go bhfuil cúrsaí tithíochta agus an ghéarchéim thithíochta deacair le réiteach. Ach nuair a bhreathnaíonn muid siar ar an mbliain seo caite, rinne muid dul chun cinn tábhachtach."

Labhraíonn Kevin Magee le roinnt de na daoine sin a ndeachaigh an ghéarchéim i bhfeidhm orthu lena n-áirítear daoine atá ina gcónaí go fadtéarmach i bpubaill i bpáirc i mBaile Átha Cliath agus tionóntaí ar tugadh fógra díshealbhaithe dóibh le déanaí. Casann sé le foirne d’oibrithe deonacha freisin ar fud na tíre atá ar an líne thosaigh ag cuidiú leis na daoine sin atá ar an ngannchuid lena n-áirítear The Light House, Baile Átha Cliath, Homeless Help and Support i gCorcaigh agus Clann Shíomóin na Gaillimhe.

De réir na bhfigiúirí is déanaí suas go dtí mí an Mhárta a d’eisigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tá níos mó daoine ná riamh sa Stát gan dídean agus tá 11,988 duine ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála.

Léirítear sna figiúirí go bhfuil 8,516 duine fásta agus 3,472 leanbh ina gcónaí i gcóiríocht shealadach lena n-áirítear brúnna, leaba is bricfeasta agus seomraí óstáin. Léirítear san fhigiúr go bhfuil méadú d’aon chúigiú beagnach tagtha ar líon na ndaoine atá gan dídean (22 faoin gcéad) i gcomparáid leis an mbliain anuraidh.

Faoi chlár an Rialtais, Tithíocht do Chách, gheall an Rialtas go ndéanfaidís maoirseacht ar sholáthar 33,000 teach nua in aghaidh na bliana a bhfuil sprioc bhliantúil 10,000 teach sóisialta a sholáthar san áireamh ann. De réir tuarascáil ón nGníomhaireacht Tithíochta a eisíodh i mbliana, bhí 57,842 teaghlach i dteideal tacaíocht tithíochta sóisialta in Éirinn sa bhliain 2022 agus níor sásaíodh na riachtanais sin.

Bhí páirtithe an fhreasúra ag iarraidh go gcuirfí síneadh leis an gcosc a chuirtear ar dhíshealbhuithe agus a tugadh isteach i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

Le linn don Aire O’Brien a bheith ag labhairt ar Iniúchadh TG4 Gan Dídean, chosain sé cinneadh an Rialtais gan tacú le síneadh ar an gcosc sin ar cuireadh deireadh leis ar an 1 Aibreán. Is éard a dúirt an tUasal O’Brien: "Cinneadh deacair a bhí ann ach ba é an cinneadh ceart a bhí ann. Bhí an cosc díshealbhaithe i bhfeidhm i rith an gheimhridh. Dúirt mé, nuair a thug mé an scéim os comhair na Dála, go dtabharfadh an scéim sin spás dom chun tithe nua a dhéanamh agus tithíocht nach bhfuil in úsáid a thabhairt ar ais le húsáid. Rinne mé é sin. Tá muid ag obair go dian chun gach cabhair a thabhairt do na daoine nach bhfuil teach acu ar chor ar bith."

"Ní hé go bhfuil mé, tráth ar bith, i gcoinne na ngnáthdhaoine in Éirinn agus i bhfabhar na dtiarnaí talún. Bhí ár n-intinn déanta suas againn faoi sin mar gurbh é sin an rud ceart le déanamh ar mhaithe le gach duine. Is féidir an fhadhb thithíochta a réiteach trí thithe nua agus níos mó soláthair a chur ar fáil ar fud na tíre agus tá muid á dhéanamh sin."

Iniúchadh TG4 Gan Dídean - Dé Céadaoin, 17 Bealtaine @ 9.30pm ar TG4