Beidh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath ag dul thar toinn an tseachtain seo, agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar an Bhruiséil d'eagrán speisialta den chlár beo ó Pharlaimint na hEorpa inniu.

Tá ballraíocht ag Éirinn san Aontas Eorpach le caoga bliain anois, agus sa chlár seo inniu le Fachtna Ó Drisceoil beidh plé ar chúrsaí reatha, ról na hÉireann in institiúidí an Aontas Eorpaigh, agus súil ar shaol cultúrtha na nGael sa Bhruiséil chomh maith. Beidh painéal sa stiúideo le Fachtna chun na hábhair sin a chíoradh, agus ina measc beidh Mícheál Ó Conchúir, Rúnaí Chomhairle na Réigiúin; Tomaí Ó Conghaile, Aistritheoir sa Choimisiún Eorpach agus duine de lucht eagraithe Éigse na Bruiséile; agus Kevin Lally, Comhairleoir Parlaiminte.

This week the RTÉ Raidió na Gaeltachta Dublin team heads overseas to Brussels for a special edition of the programme live from the European Parliament. Fachtna Ó Drisceoil and guests will be examining Ireland’s membership of the EU over the last fifty years. Guests will include Mícheál Ó Conchúir, Secretary General of the European Alliance Group at Committee of the Regions; Tomaí Ó Conghaile, EU translator and one of the directors of the Éigse na Bruiséile festival that takes place this weekend; and Kevin Lally, Political Advisor.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 5