Ar dhuine de na ceoltóirí is mó tóir i láthair na huaire, tá Piaras Ó Lorcáin ó Ard Mhacha. Labhair Piaras ar an gclár Bladhaire faoi Bhláth na hÓige, clár teilifíse atá ar siúl ar TG4 faoi láthair agus traidisiún na hamhránaíochta i gceantar Oirialla.
Tá EP le hamhráin Ghaeilge ar an margadh ag Piaras anois agus é ag súil le tuilleadh taifeadta dhéanamh amach anseo. Tá Piaras ar an Ollscoil i mBéal Feirste chomh maith le bheith ag ceol go rialta ina cheantar áitiúil agus níos faide i gcéin.
Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.