skip to main content

Fadhbanna le fia

Labhair Seánie Ó Baoill ó choiste Cnoic agus Natura na hÉireann agus Pól Phadaí Dubh Ó Gallchóir ar an gclár Barrscéalta faoi fhia a bhainistiú in Éirinn.

De réir an chomhairliúchán poiblí a rinneadh ina raibh feirmeoirí, eiceolaithe agus saineolaithe páirteach, deir 82% go bhfuil tionchar diúltach ag fia nó carriacha mar a deirtear i nDún na nGall ar an timpeallacht.

Bíonn na fia ag ithe na gcrann a chuirtear le coill nua a thógáil agus bíonn go leor timpistí le carranna ar na bóithre freisin. Tá fadhbanna móra i gcontaetha eile, Cill Mhantáin, Maigh Eo agus Gaillimh, i measc na bhfadhbanna sin, tá TB atá le sonrú sna hainmhithe freisin.

Tháinig barúil láidir chun tosaigh gur cheart cuileáil mhór a dhéanamh ar an tréad sa chomhairliúchán. Labhair Seánie faoi phlean a chur le chéile le feoil na n-ainmhithe a úsáid amach seo seachas iad a scaoileadh gan aon phlean. Faoi láthair, níl ach aon mhonarchan a bhíonn ag plé le feoil na n-ainmhithe ach go ndéanfadh sé ciall an fheoil a sin úsáid sa tslí seo.

Labhair Pól Phadaí Dubh Ó Gallchóir go mbeidh timpiste olc ann go fóill mar gheall ar go bhfuil nádúr na n-ainmhithe athraithe agus nach bhfuil siad faiteach níos mó agus go dtagann siad róghar do thithe agus carranna.