Labhair Brian Tyers agus Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an míshástacht atá ar go leor nach bhfuil na cluichí le feiceáil ar an teilifís ach anois ar GAAGO amháin.
Luaigh Brian gur raibh Dónall Óg Cusack 'ag labhairt go láidir' i gcoinne GAAGo ar chlár de chuid RTÉ. Mheabhraigh Tyers gur cinneadh de chuid an CLG féin a bhí anseo agus go bhfuil go leor daoine nach raibh in ann féachaint ar na cluichí is fearr de bharr an chinneadh seo.

Thosaigh an smaoineamh seo siar sa bliain 2014 a deir Dara Ó Cinnéide ar Lá na n-Amadán, mar a tharla sé agus shíl Ó Cinnéide gur ag pleidhcíocht a bhí an CLG an lá úd. Cé go bhfuil glactha le go leor daoine leis an socrú seo, deir Ó Cinnéide go bhfuil sé mícheart go mbeadh táille breise ar féachaint ar an gcluiche.
Rinne Dara agus Brian anailís ar chluiche iontach an deireadh seachtaine idir Tiobraid Árainn agus Corcaigh san iomáint, agus dár ndóigh craobh na Mumhan sa pheil buaite aige Ciarraí agus scéal brónach ag muintir Clifford.