skip to main content

Toghcháin áitiúla ar na bacáin ó thuaidh

Labhair Póilín Ní Chiaráin,Tuairisceoir RTÉ RnaG i mBéal Feirste ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na toghcháin áitiúla ar bun sna 6 Chontae faoi cheann 9 lá.

Dhírigh sí isteach ar 6 cinn de na comhairli inniu—Béal Feirste, Lios na gCearrbhach & Caisleán Riabhach, Na hArda & an Dún Thuaidh agus trí cinn Aontroma – Aontroim & Baile nua na Mainistreach, Lár & Oirthear Aontroma agus Cósta thuaidh Aontroma agus na Glinntí.

Cé go mbaineann an toghchán seo le gnóthaí áitiúla, deir Póilín go mbeidh an toghchán seo níos cosúla le reifreann ar Chreat Windsor ná rud ar bith eile. Iomaíocht a bheidh ann idir Sinn Féin agus an DUP a deir Ní Chiaráin agus cé acu a thiocfaidh amach sa tús áite, a deir sí.

Póilín Ní Chiaráin

Sa toghchán deireanach, bhí an DUP 15 suíochán chun tosaigh ar Sinn Féin ach i bhfianaise toghchán an Tionóil, deir Ní Chiaráin go bhfuil an DUP ag impí acu siúd a bhfuil vóta acu é a chaitheamh ar a son agus Sinn Féin ag rá go hoscailte go bhfuil siad ag súil go mbeidh siad ar an bPairtí is mó.

Reifreann faoi bhaghcat DUP ar Stormont a bheidh sa toghchán seo thar rud ar bith eile is ea an toghchán seo, dar le Ní Chiaráin.