Labhair Liam Mac an Mhaoir ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an gceoltóir iomráiteach, Seán Keane a cailleadh go tobann.
Tá an fidléir iomráiteach Seán Keane imithe ar shlí na fírinne. Chaith sé blianta fada ag seinm leis an ngrúpa The Chieftans. Labhair Liam faoi oidhreacht Sheáin, sa cheol a d'fhág sé ina dhiaidh chomh maith leis na cairde ar fad a rinne sé sa saol ceolmhar.
Ball tábhachtach den ghrúpa The Chieftains a bhí ann ach d'eisigh sé go leor ceirnín le Matt Molloy agus Liam Óg O'Flynn chomh maith le ceol aonair a bhí faoi thionchar cheol na bpíob
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dúirt Liam gur casadh Seán air leathchéad bliain ó shin i gColáiste Phádraig agus é ag seinnt ceoil agus chomh maith le ceoltóir cumasach, deir Liam gur fear álainn a bhí ann amach 's amach.
Chas Seán ag ócáid d'Uachtarán Bhide i Maigh Eo an mhí seo caite i dteannta dhuine de mhórcheoltóirí eile ár linne, Matt Molloy.