Television presenter Síomha Ní Ruairc takes us on a personal journey investigating her own body image and the wider societal issues faced by those of us who struggle with our bodies and how they look.
Sa chlár Síomha: Idir Anam is Corp, rachaidh an phearsantacht idirlín agus craoltóir Síomha Ní Ruairc i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis na meáin shóisialta, scagairí agus náiriú faoin gcorp, iad go léir ina bpríomhchúiseanna buartha díblithe, ionas go mbeidh dearcadh níos dearfaí maidir le féiníomhá ag mná óga na tíre seo agus aici féin chomh maith. Tá sí meáite ar chomhrá náisiúnta a thosú trína haistear a roinnt lena leantóirí ar líne, áit a chuirfidh sí tús le feachtas spreagúil dearfach coirp, feachtas a chuirfidh in iúl do mhná óga, is cuma cén tomhas iad, cén cruth iad, cén inscne iad ná cén dath craicinn atá orthu ba chóir go nglacfaí le gach cineáil corp. Beidh torthaí a haistir léirsteanaigh, ionraic agus ó am go ham beagánín míchompordach fiú agus í ag déanamh iarracht gnéithe thaithí na mban a thabhairt chun solais, go háirithe taithí ban óg na hÉireann faoi láthair.

Socraíonn Síomha freastal ar cheardlann chumhachtach chun fáil amach an chúis a mbíonn na mothúcháin dhiúltacha seo maidir le féiníomhá ag mná agus chun fáil amach cén chaoi gur féidir an scéal a fheabhsú. Is í Jenny Ní Ruiséil teagascóir na ceardlainne agus in éindí léi tá grúpa ban ó cheann ceann na tíre le cur agus cúiteamh oscailte agus ionraic a bheith acu.
Labhrann Síomha go hoscailte faoina taithí phearsanta agus tuigeann sí go raibh cuid de na nósanna a thug sí faoi agus í óg an-chontúirteach, ar nós srian a chur leis an méid a d'itheadh sí. Chun tuilleadh tuiscint a fháil air seo labhraíonn Síomha le Jacinta Hastings ó Bodywhys, eagraíocht neamhoird itheacháin na hÉireann chun na treochtaí scanrúla atá feicthe acusan le cúpla bliain anuas a phlé. Casann sí le Mollaí Nic Eochaidh ó Dhún Garbháin, bean óg a d'fhulaing lena féiníomhá sna déaga agus labhraíonn sí faoin tionchar a bhí ag neamhord itheacháin ar a saol le cúpla bliain anuas. Mar thoradh air seo tuigeann Síomha go mbíonn tionchar mór ag na teachtaireachtaí beaga uaireanta.
Agus í sa tóir ar eolas, feiceann Síomha go bhfuil tionchar dearfach ag mná sa spóirt ar mhná óga na tíre seo. Buaileann sí leis an dornálaí Christina Desmond maidir lena taithí le féiníomhá agus an cur chuige atá aici chun caidreamh folláin a chinntiú lena corp agus í i mbun traenála agus ag déanamh iarracht meáchan a chailleadh do chomórtais atá amach roimpi.
Tugann aistear Shíomha níos gaire do bhaile í, áit a labhraíonn sí lena deirfiúr óg faoina taithí le féiníomhá, comhrá a chuireann iontas agus brón ar na deirfiúracha. Tuigtear do Shíomha go bhfuil ceist na féiníomhá thar a bheith lárnach sa saol ach nach labhraítear faoi, fiú leis na daoine is ansa linn. Ach bean amháin atá ag iarraidh é sin a athrú ná an scríbhneoir agus podchraoltóir Louise McSharry. Labhraíonn Louise faoina diagnóis ailse agus mar thoradh air sin thosaigh sí ag tabhairt ómós dá corp, thuig sí gur chóir smaoineamh ar céard is féidir le do chorp a dhéanamh duit seachas cén chaoi a mbreathnaíonn do chorp.
Ar an aistear seo tá an teachtaireacht thar a bheith soiléir do Shíomha - tá spórt lárnach chun deacrachtaí féiníomhá a réiteach. Ach tá a fhios aici nach bhfuil an t-aistear seo críochnaithe aici go fóill agus b'fhéidir nach mbeidh go brách. Theastaigh uaithi fiosrú an bhfuil sé indéanta caidreamh dearfach, folláin a bheith agat le do chorp in ainneoin na dtuairimí agus tráchtaireachtaí. Is obair dhian ón gcroí atá i gceist chun é seo a dhéanamh ach is obair fhiúntach í di féin agus do na cailíní atá le teacht ina diaidh.
Síomha: Corp agus Anam, Wednesday, 9.30 ar TG4