Mar chuid den Dublin International Gay Festival, cuirfear trí léiriú den dráma Grindr, Saghdar agus Cher i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath.
Rithfidh an dráma ceannródaíoch ar feadh trí oíche ón 8-10 Bealtaine i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath. Tosnóidh gach léiriú ag 21:00 agus tá ticéid ar fáil ó shuíomh na féile ag an nasc seo.
Mar gheall ar an dráma:
Tógann fear tuaithe a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach ('díreach' mar dhea). Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile. Trí mhonalóg, triúr carachtar LADTA+, trí léargas éagsúla ar aon oíche amháin sa bheár chéanna.

Seó ilmheán é seo a scríobh Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh le léaráidí áille le Margaret Lonergan. Cuirfear fortheidil Bhéarla ar fáil le linn an dráma. Tugadh moladh mór do Grindr, Saghdar agus Cher roimhe seo:
"Faighimid léargas comhaimseartha ar phobal aiteach na tíre seo sa dráma, agus scoth na scéalaíochta ó thús deireadh. Ceann de na gnéithe is cumhachtaí faoin dráma seo ná cé chomh héagsúil is atá na carachtair." - Seán Ó Dubhchon, NÓS.ie
"Rinne AerachAiteachGaelach gaisce a sheol amach an doras ag deireadh an tseó mé le croí maith mór, gáire ar mo bhéal agus an aoibh sin istigh a bhíonn ag duine tar éis dó ‘fíor-eispéireas’ amharclainne a bhlaiseadh." - Pat Butler, Tuairisc.ie