skip to main content

Gluaiseacht na Gaelscolaíochta: 50 bliain ag fás

Ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, pléadh traidisiún na Gaelscolaíochta in Éirinn atá ag ceiliúradh 50 bliain i mbliana.

I measc na n-aíonna roinnt a gcuimhní Cinn ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta chomh maith lena saineolas i dtaobh an ábhair, bhí Kerron Ó Luan, Colm Ó Torna, Brenda Ní Shúilleabháin, Mícheál Ó Fathaigh agus Príomhfheidmeannach Ghaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin.

Labhair an Dr Kerron Ó Luain faoi chomhthéacs agus stair an Ghaeloideachais ach go háirithe faoin tslí a ndeachaigh an stát i ngleic leis an ngluaiseacht a d'fhás ón mbun aníos.

Cé go raibh éileamh ar Ghaelscolaíocht, deir Ó Luain go raibh deacrachtaí ann maidir le hacmhainní, le smacht agus ról na hEaglaise freisin. Bunaíodh go leor Gaelscoileanna i gceantair inár fhás bailte nua agus anois toisc go bhfuil an chumacht anois ag an stát na bailte seo a fhorbairt, deir an Dr Ó Luain go bhfuil moill anois ar bhunú na Gaelscolaíochta dá réir.