999 faoi Oiliúint introduces us to those we don't know until we need them urgently. We spoke to Danielle from Foyle Search and Rescue who stars in the show about the important work they do and why they do it.
Danielle has been volunteering with Foyle Search and Rescue in Derry for over four years and said she was inspired to take part as she knows how many peoples' lives were touched by suicide. She explains the training provided is both physical and mental and has helped her in her daily life outside of search and rescue to have more meaningful conversations.
Working with the charity Foyle Search and Rescue which is celebrating 30 years this year has taught her how to speak to someone 'at their most vulnerable'. She says her work with people in vulnerable situations has given her purpose and allowed her give something back to society.

Sa tsraith 999 Faoi Oiliúint leanfaimid na hoiliúnaithe nua seo agus iad ag dul faoi dhianoiliúint throm – bíodh sin an comhraiceoir dóiteáin, an paraimhíochaineoir, an tarrthálaí sléibhe, nó an garda cósta – agus gheobhaimid amach an bhfuil siad inchurtha leis an obair.
Beidh oiliúnaithe nua ann ó Sheirbhís Dóiteáin na Gaillimhe; Tarrtháil Sléibhe Mhaigh Eo; Cuardach agus Tarrtháil an Fheabhail; Seirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath; Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna na hÉireann; Cuardach agus Tarrtháil Loch nEathach agus Garda Cósta na hÉireann. Leanfaidh 999 Faoi Oiliúint na hoiliúnaithe nua i rith na dianoiliúna acu agus iad ag dul i ngleic le fíorghlaonna amach.
Dúirt Danielle go raibh amhras uirthi faoi pháirt a ghlacadh sa tsraith mar gurbh fhearr léi a bheith taobh thiar den cheamara seachas os a chomhair ach gur chabhraigh foireann an chláir léi a bheith ar a compord. Léiríonn an clár tábhacht na hoibre a dhéantar nach bhfeiceann muid rómhinic ach a thacaíonn leo siúd nuair atá an tacaíocht sin ag teastáil go géar.
In imeacht bliana a taifeadadh 999 Faoi Oiliúint agus léiríonn na hoiliúnaithe nua a neart, a ndíograis agus a misneach gan trácht ar an tiomantas daingean buan atá acu dá gcuid oibre. Faighimid léargas grinn ar rothaí móra na hoiliúna agus feicfimid conas a éiríonn le gach oiliúnaí na dúshláin mhóra a chuirtear rompu a shárú de réir mar a chuireann siad na measúnuithe agus an oiliúint díobh.
999 Faoi Oiliúint, Dé Luain 24 Aibreán ag 8 p.m. ar RTÉ One.