Labhair Clíona Saidléar ón Ionad Géarchéim Éignithe ar an gclár Tús Áite faoi na torthaí a bhí i mórshuirbhé nua ón Lár Oifig Staidrimh ina ndeirtear go bhfuil foréigean gnéis fulaingthe ag 52% de mhná.
Dúirt 52% de mhná agus 28% d'fhir gur fhulaing siad foréigean gnéis in suirbhé de 4,500 duine fásta. Dúirt Saidléar go bhfuil an suirbhé seo fíorthábhachtach, ar cheann de na nithe is tábhachtaí a tharla le fiche bliain anuas.
Bhí iontas ar Saidléar maidir le torthaí an tsuirbhé mar gheall ar chúpla rud, deir sí gur baineadh steangadh aisti nuair a chonaic sí an ráta ard ionsaithe a tháinig chun solais i measc dhaoine óga. Tá obair mhór le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo san aoisghrúpa.
Luaigh Saidléar go bhfuil níos mó ceisteanna ná freagraí ag teacht ó shuirbhé dá leithéid ach táthar ag ceapadh go bhfuil an cleas óg in ann foréigean gnéis a aithint agus a ainmniú, rud nach raibh i gcónaí fíor ach go bhfuil tuilleadh taighde uainn chun pictiúr níos mó a fháil ar na dúshláin seo.
Léamh eile ar an suirbhé ná go bhfuil an domhan níos dainsearaí ná mar a bhí, thug Saidléar sampla den aoisghrúpa do mhná óga faoi bhun 25 bliain, ina ndúirt 65% den ghrúpa seo gur tharla foréigean gnéis dóibh cheana féin ina saol óg.