skip to main content

Oidhreacht Sheán Uí Thuairisg

Labhair Mike P Ó Conaola, Áine Ní Chiaráin agus Mairéad Ní Nuadháin ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcraoltóir Seán Ó Tuairisg a cailleadh le déanaí.

Tá an craoltóir Seán Ó Tuairisg, Seán Mháirtín Mhóir ar lár, iarchomhgleacaí in RTÉ Raidió na Gaeltachta. B'é a chuir an chéad leagan d'Adhmhaidin i láthair 1986. Bhí baint ag Seán le gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta agus thosaigh sé ag craoladh ar saor-raidió Chonamara sular cuireadh tús le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair Mike P Ó Conaola faoi na cuimhní cinn a bhí aige ar an gcraoltóir agus ar an gcara, craoltóir fíor ábalta ab ea Ó Tuairisg. Chuir siad aithne ar a chéile agus iad i mbun traenála don raidió sa bhliain 1972.

Dúirt an i-iriseoir Áine Ní Chiaráin go raibh léamh grinn ag Ó Tuairisg ar pholaitíocht na tíre seo agus ba é Rí Chúrsaí Reatha agus ní raibh faitíos ar bith air ceisteanna crua a chur ar rannpháirtithe. Chuir Ó Tuairisg an clár ceannródaíoch Cúrsaí ar RTÉ i láthair sna nochaidí in éindí le Áine agus Máiréad Ní Nuadhain. Bhíodh Gaeilge mhaith ag polaiteoirí na linne sin a dúirt Ní Nuadháin agus bhí na teagmhálaithe ar fad ag Seán.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.