Tá Concos ag iarraidh ar an rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt d'earnáil na gColáistí Gaeilge. Léiríonn anailís atá déanta ag TG4 go bhfuil titim 30%, ó 2018 ar líon na dtithe atá ar fáil i gcomhair lóistín.
Labhair Maria Nic Dhonncha, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na cúiseanna nach bhfuil mná tí ar fáil mar a bhí. Deir sí nár tháinig cuid mhaith mná tí ar ais i ndiaidh na paindéime, tráth a raibh na Coláistí Samhraidh dúnta ar feadh cúpla bliain.
Tá cuid acu atá in aois éirí as agus cuid eile a fuair obair in áiteanna eile lena linn. Cé go raibh 'fhios acu siúd atá ag plé le Coláistí Samhraidh go mbeadh titim ann, ní raibh siad ag súil le titim chomh mór sin. Bíonn suas le 7,800 scoláire ag teacht chuig ceantair Ghaeltachta gach samhradh agus is mór an tacaíocht a thugann siad do na ceantair seo le linn na tréimhse seo.
Cé nach ceist airgid amháin í seo, tá tionchar ag ag gcostas maireachtála ar an ábhar seo chomh maith. Bíonn infheistíocht mhór le déanamh ag mná tí agus iad ag tosú amach, le sabháilteacht tine agus leapacha a chur ar fáil agus cé go bhfuil deontas ar fáil do seo, tá nithe eile le ceannach sular féidir le mná tí scoláirí a choinneáil. Tá tithe nua ag tosú amach a deir Maria ach tá i bhfad níos mó ag imeacht nó imithe cheana féin agus tógfaidh sé na blianta orthu na huimhreacha a cailleadh a dhéanamh suas.
Tá éileamh mór ar áiteanna i mbliana agus ganntanas spásanna do scoláirí, rud atá a chur iontas ar go leor tuismitheoirí. Dúirt Maria go bhfuil obair mhór le déanamh le cinntiú nach mbeadh tionscal na gColáistí Samhraidh i mbaol amach anseo.