skip to main content

Ag cumadh ceoil i gcomhluadar a chéile: An Seisiún

Cloisfidh muid an dara clár sa tsraith nua An Seisiún, agus is iad Síomha, Oisín Walsh-Peelo agus Megan Nic Ruairí a bheidh ag obair le chéile sa stiúideo i gclár an lae inniu chun trí amhrán a chumadh agus a thaifeadadh thar tréimhse 12 uair an chloig.

Is as Co. an Chláir do Síomha. Is meascán de snagceol, funk agus pop atá i gceist lena cuid ceoil, agus bíonn sí ag canadh i mBéarla agus i nGaeilge. Chuir sí amach a céad albam, Infinite Space, sa bhliain 2022. Is as Cill Mhantáin d'Oisín Walsh-Peelo atá ag ceol le blianta fada. Thosaigh sé amach ag ceol sa ghrúpa Mo Hat Mo Gheansaí lena dhearthár Tadhg, agus bíonn sé ag ceol lena bhanna féin na laethanta seo le O Deer. Is amhránaí agus ceoltóir as Co. Dhún na nGall í Megan Nic Ruairí.

Is ball í den ghrúpa Clann Mhic Ruairí agus bíonn sí ag ceol leis an mbanna ceoil Big Love chomh maith. Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an clár i láthair. Tá coincheap 'An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.

We’ll hear the second programme in the new series An Seisiún, which sees three musicians thrown together in a recording studio, tasked with writing and recording three new songs in Irish over a twelve-hour period. This week we’ll hear Síomha, Oisín Walsh-Peelo and Megan Nic Ruairí work together in studio. Síomha is from Co. Clare, a singer who works in Irish and English and released her debut album Infinite Space in 2022. Oisín Walsh-Peelo has been on the music scene for many years, starting out with his brother Tadhg in Mo Hat Mo Gheansaí, and now playing with his own band O Deer. Megan Nic Ruairí is a singer and musician from Donegal, a member of Clann Mhic Ruairí and Big Love.

Is féidir leat éisteacht le An Seisiún ar RTÉ Raidió na Gaeltachta