Labhair Gráinne Henry ón Ionad Éigeandála um Éigniú ar an gclár Adhmhaidin faoin suíomh idirlíon a thugann comhairle do mharthanóirí d'fhoréigean gnéis le seoladh ag Ionad Éigeandála agus Éigniú Bhaile Átha Cliath.
Faigheann an tseirbhís seo thart ar mhíle glaoch in aghaidh na míosa agus tá sé i gceist go gcabhródh an suíomh seo le daoine atá ag cuartú treorach agus eolais faoina bhfuil le déanamh acu tar éis ionsaí gnéis.
I measc na treorach sin, tá eolas ar fáil ar an suíomh seo maidir le cúnamh leighis agus aire chomh maith le cearta agus cúirteanna. Is lárphointe eolais é seo dóibh a mhair tríd foréigean gnéis chomh maith le taithí ó mharthanóirí.
Mar nach ndéanann go leor marthanóirí tuairisc oifigiúil faoi eachtraí don chineál seo, tugann an suíomh seo eolas duit faoi cén chaoi le tabhairt faoi seo ach gan aon bhrú a chur ar na marthanóirí ach an oiread.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.