Tá beagnach an tríú cuid de laghdú le ceithre bliana anuas ar líon na dteaghlach a choinníonn daltaí ar chúrsaí samhraidh i gceantair Ghaeltachta, rud atá ina ábhar buartha ag roinnt coláistí Gaeilge maidir leis an am atá le teacht.
De réir na bhfigiúirí nua a d'aimsigh Iniúchadh TG4, clár cúrsaí reatha TG4, tháinig ísliú ó 712 go 495 le ceithre bliana ó 2018 i leith ar líon na dteaghlach sa Ghaeltacht a choinníonn Gaeilgeoirí – laghdú 217 nó 30 faoin gcéad.
Déanann an tuairisceoir imscrúdúcháin Kevin Magee iniúchadh ar thoradh imeacht seo na mban tí ó choláistí Gaeilge, agus ar na cúiseanna leis, i gclár faisnéise uair a chloig a chraolfar ar TG4, Dé Céadaoin, an 19 Aibreán ag 9.30 i.n.
Tá próifíl aoise níos sine ag na mná tí, athrú ar nósanna sóisialta, aistriú ón earnáil seo go dtí iostas féinfhreastail, agus pá ró-íseal ar dhaltaí a choinneáil ar na cúiseanna a luaitear.
Ciallaíonn ísliú líon na dteaghlach lóistín go bhfuil na cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht á ndiúltú ar na mílte daltaí á ndiúltú i mbliana nuair nach bhfuil cóiríocht ar fáil dóibh.
Is léir ó na figiúirí is deireanaí maidir le hearnáil na Gaeltachta a lig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le Iniúchadh TG4 gurbh ionann líon na mban tí le blianta anuas agus 2017 (655), 2018 (712), 2019 (648), 2022(495). Bhí coláistí Gaeltachta dúnta sna blianta 2020 agus 2021 mar gheall ar phaindéim Covid-19.
Cé gur mealladh mná tí nua isteach sa chóras le blianta beaga anuas, ba lú go mór a líon ná líon na mban a shocraigh éirí as. Seo a leanas líon na ndaoine nua a tháinig isteach san earnáil, 2017 (26), 2018 (25), 2019 (34) agus 2022 (39).
Tá líon na dteaghlach lóistín ag Coláiste Pobail Chléire ar oileán Chléire amach ó chósta Chorcaí tite ó bhuaiclíon seacht dteaghlach fiche bliain ó shin go dtí aon teaghlach amháin.
Dúirt iarbhainisteoir Chomharchumann Chléire Teoranta, Máirtín Ó Méalóid, go bhfuil sé an-deacair mná tí nua a mhealladh chun daltaí a choinneáil.
"Géarchéim atá ann dáiríre. Is é an dúshlán is mó atá le sárú againn é, conas teaghlaigh nua lóistín a thabhairt isteach sa chóras. Níl freagra na ceiste agam. Ní fhéadaim a rá leat conas a dhéanfaimid sin mar, de dhéanta na fírinne, níl siad ar fáil."
Beidh an coláiste ar an oileán ar oscailt i mbliana den chéad uair ó tháinig Covid ach le líon daltaí níos ísle.
"Nuair a tháinig muid ar ais (i ndiaidh Covid), chuir sé iontas orainn an méid mná tí a bhí éirithe as ar chúis amháin nó ar chúis eile. I gConamara, chuaigh na coláistí ar fad ar aghaidh ach bhí ganntanas mná tí. Bhí i bhfad níos mó scoláirí ag cuartú spáis. Cuireadh ó dhoras an t-uafás scoláirí mar nach raibh loistín ar fáil" de réir Mháire Denvir as Coláiste Chamuis.
Bhí beagnach 2,000 dalta ar fad ar na liostaí feithimh ag trí cinn de choláistí lenar labhair Iniúchadh TG4. (Coláiste Chamuis - 1300, Coláiste Acla - 250 agus Coláiste Bhríde Rann na Feirste - 400)
Is léir ó fhigiúirí eile a d’fhoilsigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go bhfuil ísliú 2,614 tagtha ón mbliain 2019 i leith ar líon na ndaltaí agus na leanaí a d’fhreastail ar choláistí Gaeilge fiú agus cúrsaí níos giorra á dtairiscint ag roinnt coláistí ag féachaint le líon na ndaltaí a ardú. Tá le feiceáil ar fhigiúirí níos mionsonraithe arna dtiomsú ag an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht thar ceann mhórchuid na gColáistí Gaeilge, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí, gur tháinig laghdú ar líon na ndaltaí san aoisghrúpa 12-18 atá ag freastal ar choláiste Gaeilge agus an líon íslithe ó 22,624 go 18,332 – titim 4,292 nó 19 faoin gcéad.
Tá laghdú freisin ar líon na gcoláistí Gaeilge a thairgíonn cúrsaí samhraidh cónaithe de réir na bhfigiúirí a fuarthas ón Roinn TCEGSM. Sa bhliain 2018, bhí 52 coláiste cláraithe leis an Roinn ach 40 coláiste a d’athoscail sa bhliain 2022. Tá cúrsaí á dtairiscint ag 46 coláiste sa bhliain 2023. De réir eolas ón Roinn, tá ceithre choláiste; Coláiste na Rosann, Anagaire agus Coláiste Aodh Mhic Bhricne i dTeileann, Co. Dhún na nGall agus Coláiste Bhréanainn, Baile an Bhuineánaigh, Co. Chiarraí agus Coláiste Gleann Maghair, Co. Chorcaí nár chláraigh go dtí seo maidir le hoibriú i mbliana.
Craolfar Iniúchadh TG4 – Mná Tí ar TG4 Dé Céadaoin an 19 Aibreán ag 9:30 i.n. agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar Seinnteoir TG4.