Tá na mná ag caint faoi fhocal nach raibh ar eolas acu go dtí seo, iomas nó intuition! Cad é agus cad a dhéanann muid leis?
Tugtar focail éagsúla ar intuition, ó intinn na mban go 'dul le do nádúr féin' ach cad is brí leis d'Áine, do Shinéad agus do Shiún?
Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One oíche Shathairn ar a 8 nó aon am pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.