Labhair Dara Ó Cinnéide ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi bhua Chiarraí i bpeil na mban i gcoinne na Gaillimhe i gCluiche ceannais na Sraithe 1.
Dúirt Dara go raibh 'máistreacht iomlán' ag an bhfoireann ar an Satharn agus iad ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an fhoireann ag obair le chéile chomh maith sin go raibh siad 'nach mór foirfe' a dúirt Dara, cé nach cluiche ró-iontach a bhí ann, dúirt sé nach aon locht é sin ar fhoireann na Ríochta.
Tá sé luath fós, a dúirt Ó Cinnéide ach níl aon dabht ach go bhfuil dul chun cinn déanta ag Ciarraí ón mbliain seo caite nuair a chaill siad i gcoinne Chontae na Mí.
Labhair Dara faoi mhná Chorca Dhuibhne a bhí sa treis sa chéad leath. Duine de na himreoirí sin ná Louise Ní Mhuircheartaigh a labhair le Helen ar an gclár freisin faoin mbua mór. D'imir an fhoireann 'go diail ar fad' a dúirt sí, idir imreoirí atá ar an bhfoireann le fada agus fuil nua. Mhol sí an fhoireann bainistíochta freisin atá á stiúradh go maith.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12 meánlae agus 1.00