D'fhéach painéal An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta siar ar chuairt an Uachtaráin a mhair ceithre lá, ó Bhéal Feirste go Béal an Átha.
Cé go bhfuil Uachtarán Biden an céad míle fáilte go hÉirinn, bhí go leor daoine sa Bhreatain nach raibh sásta leis an gcuairt a thug sé ar an tír. Dúirt eagarthóir an Belfast Telegraph, Eoin Brannigan gur shíl sé go raibh cuid de na meáin sa Bhreatain mífhearáilte ar Bhiden ag rá go raibh sé frith-Bhreataineach.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luaigh sé freisin na mionphointí macasamhail na bratacha a cuireadh ar a charr, rudaí atá an-tábhachtach sna sé chontae mar gheall ar an siombalachas a bhaineann lena leithéid ó thuaidh. Cé go ndearna Biden oráidí maithe agus é in Éirinn, ní dócha go mbeidh aon tionchar ag a chuid focal nó ag focail Chlinton atá in Éirinn i láthair na huaire ar an staid reatha le Stormont.
Éist le An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.