skip to main content

Oíche mhór cheoil do Rónán Mac Aodha Bhuí

Labhair an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an oíche mhór cheoil atá á eagrú aici ag tiomsú airgid do Rónán Mac Aodha Bhuí.

I measc na gceoltóirí atá ar an liosta don oíche Síle Denvir, Eoghan Ó Ceannabháin, Kíla, Colm Mac Con Iomaire agus neart eile. Tá aithne ag an saol mór ar Rónán mar cheannródaí ceoil agus cultúrtha agus léiríonn caighdeán na gceoltóirí seo an meas atá ag daoine ar Rónán.

Bhunaigh Rónán an 'ciorcal craiceáilte' ag tús na 90í agus cé go raibh daoine eile páirteach, Bláthnaid í féin in measc, deir sí gur ag Rónán a bhí an fís ariamh. Uaidh seo a d'fhás agus a d'fhorbair féiltí eile ar nós Féile na Gealaí, Pop Up Gaeltachtaí agus eile, a deir Ní Chofaigh.

Ag déanamh cur síos ar an ngig, dúirt an Choiste:

Tá glúnta de cheoltóirí a fuair a gcéad deis nó a gcéad gig mar gheall ar thacaíocht agus ar ghríosadh Rónáin. Tá a bhfuil déanta aige do shaol an cheoil agus na Gaeilge, agus a bhfuil bainte amach aige do-mheasta agus is léir ón ghra, deá-mhéin agus tacaíocht atá faighte aige fud fad na cruinne, go bhfuil grá mór faighte aige uaidh aon duine a raibh sé d'adh orthu castáil leis.

Cuirfear an t-airgead a bhailítear i dtreo Rónáin a bhfuil cóir leighis ag teastáil uaidh.

Is féidir ticéid a cheannach anseo