Labhair an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tsraith nua den chlár, Beidh Mé Ar Ais! atá ag tosú Dé Domhnaigh.
Clár taistil is ea Beidh Mé Ar Ais! ina bhfiosraíonn Sinéad agus Osgur Ó Ciardha iontais turasóireachta na hÉireann. Bhí an chéad sraith ar TG4 roinnt bliana ó shin ach tá forbairt tagtha ar chúrsaí turasóireachta in Éirinn ó shin agus neart áiteanna eile aimsithe ó shin.
Comórtas is ea an clár seo ina bhfuil deis ag comhlacht turasóireachta €5,000 a bhaint ag deireadh na sraithe, rud a thugann gné sa bhreis don tsraith seo.
Bhí cuid mhór eachtraí ar bun ag Osgur agus Sinéad agus iad ag tabhairt faoi dhreapadóireacht, faoin surfáil agus neart eile le linn an chláir. Tá cuairt tugtha ag Sinéad agus Osgur ar nach mór gach contae in Éirinn agus deir sí go bhfuil éagsúlacht iontach le feiceáil i ngach aon chlár.
Tosaíonn Beidh Mé Ar Ais! ar TG4 Dé Domhnaigh seo ag 8.30pm