skip to main content

Saol agus Saothar: Fionntán de Brún

Labhair an tOllamh Fionntán de Brún ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol acadúil agus pearsanta go dtí seo.

Is Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad é Fionntán faoi láthair agus tá leabhar nua scríofa dar teideal, Béal na Péiste. Rugadh agus tógadh Fionntán i dTuaisceart Bhéal Feirste agus tá sé fós an-dílís don chathair agus é ag filleadh ar an gcathair gach cúpla seachtain.

Cé go raibh an taobh dorcha don chathair le linn na dtrioblóidí, bhí craic agus comhluadar iontach ann freisin, a dúirt de Brún. Tá ceangail láidir ag Fionntán le Gaeltacht Rann na Feirste, 'laetha órga', ina a shaol a dúirt sé, áit ar tugadh aire mhaith dó.

Chuaigh Fionntán ansin le saol an oideachais agus bhí sé ag obair in Ollscoil Uladh sular bhfuair sé an post mar Ollamh le Nua Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5